Nuacht Mhall

29 Samhain 2025 (Baile Átha Cliath)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Tá smacht curtha ag comhraiceoirí dóiteáin Hong Cong ar thine ollmhór i gcoimpléasc árasán inar maraíodh 128 duine ar a laghad agus inar gortaíodh 70 duine. Dúirt na póilíní gur dócha gurbh é gnólacht tógála "faillíoch go mór" a bhí ag úsáid ábhar neamhshábháilte ba chúis leis an tine. Agus Hong Cong ag streachailt leis an tine is measa sa chathair le breis agus 60 bliain, tá na céadta de chónaitheoirí an réigiúin tar éis obair dheonach a dhéanamh chun cabhrú leis na híospartaigh easáitithe. Tá thart ar 500 cónaitheoir scaipthe faoi láthair i naoi n-ionad tithíochta sealadacha.

Tá Pam Hogg, an dearthóir faisin Albanach a chruthaigh stíleanna do réaltaí lena n-áirítear Rihanna agus Kate Moss, tar éis bháis, a d’fhógair a teaghlach. Tuigtear go raibh Hogg ina seascaidí, ach níor nocht sí a haois go poiblí riamh. Níor tugadh cúis an bháis ach oiread, ach dúirt a teaghlach gur mian leo "buíochas a ghabháil le foireann uile Ospís Naomh Seosamh, Hacnaí as an tacaíocht álainn a thug siad do Pamela ina laethanta deiridh". Ba cheoltóir í Hogg freisin agus thacaigh sí le Debbie Harry ó Blondie agus The Pogues, sular bhunaigh sí an banna, Doll.

Díoladh uaireadóir póca óir a fuarthas ó lánúin scothaosta a cailleadh nuair a chuaigh an Titanic go tóin poill ar os cionn €2 mhilliún ag ceant. Ba é an tsuim is airde a íocadh riamh as cuimhneachán Titanic, a dúirt na ceantálaithe. Ba leis an bpaisinéir sa chéad ghrád Isidor Straus an t-uaireadóir óir 18 carat, a bádh nuair a bhuail an long cnoc oighir i mí Aibreáin 1912, rud a d’fhág 1,500 duine marbh. Léiríodh é féin agus a bhean chéile Ida i scannán mór le rá James Cameron, Titanic, sa bhliain 1997 mar an lánúin ag coinneáil le chéile agus an Titanic ag dul faoi.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

comhraiceoirí dóiteáin - firefighters

faillíoch - negligent

easáitithe - displaced

uaireadóir póca - pocket watch

ceant - auction

paisinéir sa chéad ghrád - first class passenger

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,329 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

65 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

145 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

22 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,815 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

138 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

80 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

46 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

14 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

32 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners