Sign up to save your podcasts
Or

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Tá an Teachta Dála Paul Murphy, ón pháirtí Pobal Seachas Brabús, ag agairt iarrthóir uachtaránachta Fhine Gael, Heather Humphreys, as clúmhilleadh. Baineann na himeachtaí, a thionscain Murphy inné, le ráitis a rinne Humphreys i ndíospóireacht ar an chlár This Week de chuid RTÉ Raidió 1 Dé Domhnaigh seo caite. Sheol Murphy litir dlíodóra chuig Humphreys mar gheall ar ráitis a rinne sí a bhain le ról Murphy in agóid i gcoinne táillí uisce i Ráth Miontáin, Tamhlacht i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2014. Ba é Murphy duine de sheisear fear a cúisíodh as príosúnacht neamhdhleathach a dhéanamh ar an tánaiste Joan Burton agus a cúntóir Karen O’Connell ina ngluaisteán ar an 15ú de mhí na Samhna 2014. Fuair giúiré i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath an seisear neamhchiontach i ngach cúis in 2017. Dúirt Murphy nach raibh aon trácht le déanamh aige ar thionscnamh na n-imeachtaí clúmhillte faoi láthair.
Tá Catherine Connolly go mór chun cinn sa rás don Áras, de réir na pobalbhreithe is déanaí. Dúirt 38% de dhaoine a ghlac páirt sa phobalbhreith Irish Times/Ipsos B&A go vótálfaidís don iarrthóir neamhspleách agus gan ach 20% ag tacú lena céilí comhraic Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael. 5% a thug le fios go dtabharfaidís vóta céadrogha do Jim Gavin, an t-iarrthóir de chuid Fhianna Fáil a d’éirigh as an rás ach a bhfuil a ainm go fóill ar an pháipéar ballóide. Dá seasfadh na figiúirí sin lá na vótála, thoghfaí Catherine Connolly ar an chéad chomhaireamh. Agus gan ach seachtain fágtha go dtí go rachaidh daoine chuig na botháin vótála, deir 18% nach bhfuil a fhios acu cé léi a dtacóidh siad agus deir 6% eile go bhfuil rún acu a vóta a mhilleadh. Dúirt 12% nach bhfuil sé i gceist acu vóta a chaitheamh. Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine cad é an tréith ba thábhachtaí dóibh a bheith ag iarrthóir, dúirt 3% gur “duine a labhraíonn Gaeilge” an tréith ba thábhachtaí. Dúirt 39% gurb é an rud ba thábhachtaí ná go mbeadh duine ann “a mbeadh cur chuige gníomhach acu agus a labhródh amach faoi chúrsaí”.
Tá sé i gceist ag Leabharlann na Breataine cárta léitheoireachta an scríbhneora Éireannaigh nach maireann Oscar Wilde a atheisiúint, 130 bliain i ndiaidh don bhunchóip a bheith curtha ar ceal mar gheall ar a chiontú as “gníomh ró-mhígheanasach”. D'eisiaigh Leabharlann na Breataine an t-údar cáiliúil óna seomra léitheoireachta sa bhliain 1895 i ndiaidh dó a bheith cúisithe as caidrimh homaighnéasacha a bheith aige, cion coiriúil ag an am. Tabharfar an pas fisiciúil do gharmhac Wilde, Merlin Holland, Déardaoin ag ócáid speisialta sa Leabharlann ag imeacht a cheiliúrfaidh seoladh a leabhair dar teideal After Oscar, a dhéanann iniúchadh ar oidhreacht an scríbhneora i ndiaidh a bháis. Dúirt Holland: “Bhí Oscar i bpríosún Pentonville ar feadh trí seachtaine nuair a cuireadh a thicéad chuig Seomra Léitheoireachta Mhúsaem na Breataine ar ceal, mar sin ní bheadh a fhios aige faoi, rud a bhí go maith is dócha.”
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
clúmhilleadh - defamation
neamhchiontach i ngach cúis - innocent of all charges
céilí comhraic - competitor
botháin vótála - voting booths
gníomh ró-mhígheanasach - gross indecency
garmhac - grandson
By Conradh na Gaeilge i Londain5
1919 ratings

368 Listeners

1,333 Listeners

194 Listeners

516 Listeners

66 Listeners

153 Listeners

332 Listeners

1,799 Listeners

2,768 Listeners

170 Listeners

131 Listeners

613 Listeners

937 Listeners

16 Listeners

5 Listeners