Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
June 08, 2021Clár 299 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Diarmuid Breathnach ag labhairt linn faoi chás na Palaistíne i láthair na huaire, a chuid scribhneoireachta faoi agus conas is féidir linn tacú le muintir na Palaistíne uaidh seo in Éirinn....more27minPlay
June 01, 2021Clár 298 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Marcas Mac an Tuairnéir ag labhairt linn trí Ghaeilge na hAlbain (Ghaidhlig) faoina shingil úr Nochd, Féile Bróid agus tús na féile linn anois, agus go leor eile! linktr.ee/marcasmac Chomh maith leis sin bhí Pádraic Déiseach ag labhairt linn faoi réimse folúntas atá ar oscailt d'iarratais do dhaoine le Gaeilge le Parlaimint na hEorpa faoi láthair....more27minPlay
May 25, 2021Clár 297 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo, bhí Neil Farron, eagarthóir ar an iris Eurovoix, linn ag trácht ar bheith i láthair i Rotterdam don Chomórtas Eoraifíse! Chomh maith leis sin bhí Damian McElgunn ag labhairt linn faoin scannán Gaeilge a rinne sé faoin bpobal Gaeilge i Vancouver dar teideal 'Idir Muir agus Spéir'....more27minPlay
May 18, 2021Clár 296 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhair Vikki Ní Bhréin linn faoi dheireadh seachtaine Gaeilge ar mhúin sí aige le lucht Gaeltacht an Mheánoirthoir (Midwest na Stáit Aontaithe). Chomh maith leis sin bhí Mícheál Furlong ag caint linn faoi Phop Up Gaeltacht Ceantar Cuain San Francisco....more29minPlay
May 11, 2021Clár 295 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhairt Hynek Daniel Janoušek linn ó Phrág i bPoblacht na Seice faoina shaol ansin agus an dochtúireacht atá idir lámha aige in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain....more24minPlay
May 04, 2021Clár 294 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Gearóid Ó Greacháin linn ó chraobh Darkness into Light na Bruiséile ar son Pieta House faoin ngrúpa agus an méid a bheidh ar siúl acu ar líne i mbliana. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le cuid de mo chéad chlár taifeadta ón mbaile i rith na dianghlasála - bliain ó shin anois....more31minPlay
April 27, 2021Clár 293 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Rónán Ó Dálaigh linn faoina tionscnamh Thriftify atá ag dul ó neart go neart le déanaí le custaiméirí in Éirinn agus ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin labhair Niall Ó Siadhail ó Chonradh na Gaeilge i Londain faoina aistriú ó Londain go hÉirinn le gairid, Comhdháil na Breataine ar líne ar an 19 Meitheamh agus faoina ról nua ar choiste gnó Chonradh na Gaeilge....more30minPlay
April 20, 2021Clár 292 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Rossa Ó Snodaigh linn faoi Oileáin Mhanainn, an Mhanannais, obair atá ar siúl aige féin le muintir an oileáin agus cosúlachtaí agus difríochtaí idir cás na Manannaise agus cás na Gaeilge....more29minPlay
April 13, 2021Clár 291 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Kayla Reed ag labhairt inn ó Osló faoin gCáisc san Iorua agus eile (léigh a blag anseo! scriobhaisiulach.wordpress.com/2021/04/0…a-choill/ ). Chomh maith leis sin labhair Céiteach Mac Stiofáin linn ó Ghaillimh faoi 'virtual Pop Up Gaeltacht' atá á déanamh aige le cairde sa Spáinn, sna Stáit Aontaithe agus daoine eile ar fud na cruinne ar líne le breis is bliain ó shin anois....more30minPlay
March 30, 2021Clár 290 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Jeffrey Sardina linn faoi aistriú go hÉirinn i rith na paindéime agus faoi chúrsaí Gaeilge agus a Phop up Gaeltacht San Diego ar líne. Chomh maith leis sin bhí Philomena Begley ón nGaeltacht Sur Seine i bPáras na Fraince linn le labhairt faoi conas mar a d'éirigh leis an gcomhdháil a bhí acu le gairid ar an nGaeilge thar sáile....more31minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.