Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
January 05, 2021Clár 279 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Caoimhe Nic Giollarnáith linn faoina saol i Nua Eabhrac - ó chúrsaí scannánaíochta go cúrsaí Gaeilge, a tuairimí faoi thodhchaí na Stát Aontaithe agus eile....more28minPlay
December 29, 2020Clár 278 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo cuimhnímid siar ar bhliain eile de Fada is Fairsing le haíonna éagsúla ar fud fad na cruinne, agus labhraímid le Daniel McWilliams faoin bhfeachtas cíbearGhaeltachta Trasna na dTonnta a bhí ar siúl den dara huair arís i mbliana ón 14-18 Nollaig 2020....more27minPlay
December 22, 2020Clár 277 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Dubhán Ó Longáin linn, a bhfuil cnuasach filíochta foilsithe aige le gairid le Coiscéim, 'IDEO Locator' - le dánta faoi Auschwitz, grá, dúchas agus slamfhilíocht a rinne sé ag Féile Liú Lunasa Eolas- www.litriocht.com/táirge/ideo-locator/?lang=en . Chomh maith leis sin chualamar ceol ón snagcheoltóir Séan McCluskey, as Boston agus lonnaithe i Nua Eabhrac....more31minPlay
December 15, 2020Clár 276 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Séan McCluskey, as Boston agus lonnaithe i Nua Eabhrac, linn faoina chuid snagcheol agus a albam is deireanaí Stories, agus cloisfimid a leagan de Báidín Fheidhlimí ar an gclár. Chomh maith leis sin chualamar ó Chaitríona Weafer faoin toghchán i Virginia agus a tuairimí féin faoi thodhchaí SAM....more31minPlay
December 01, 2020Clár 275 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Mícheál Curtin linn faoi Thoghchán Uachtaránachta SAM 2020 agus an saol i Nua Eabhrac ó shin. Chomh maith leis sin bhí Aisling Ní Chatháin, atheangaire leis an gCoimisiún Eorpach, ag labhairt linn faoina gairm, faoi dheiseanna d'Éireannaigh sna hInstitiúidí Eorpacha, an saol sa Bhruiséil agus go leor eile....more29minPlay
November 24, 2020Clár 274 - 2020 - Raidió na LifeClár speisialta a bhí anseo le Seanán Ó Coistín as Cill Dara a chónaíonn i dTrier na Gearmáine agus a oibríonn i gcúrsaí aistriúcháin le hInstitiúidí an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg. Labhair sé linn faoin saol i dTrier, cúlra ainm na háite (nasc leis an bhfocal Gaeilge treibh!), a chuid oibre agus a thionscnaimh buachaill.com agus tomhaltoir.com...more28minPlay
November 17, 2020Clár 273 - 2020 - Raidió na LifeSeo an dara clár againn de shraith speisialta agallamh agus tuairiscí ar Thoghchán Uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar an gclár seo chualamar anailís agus tuairimíocht ó Bhrian Ó Conchubhair, Ollamh in Indiana faoi chúrsaí ina stát féin agus ó Shiobhán Ní Chíobháin i gcathair Nua Eabhrac faoi chúrsaí san Úll Mhór (!) sna seachtainí anuas agus a heispéireas féin den toghchán....more32minPlay
November 10, 2020Clár 272 - 2020 - Raidió na LifeSeo an chéad chlár againn de shraith speisialta agallamh agus tuairiscí ar Thoghchán Uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar an gclár seo chualamar anailís agus tuairimíocht ó Bhrian Ó Broin, Ollamh i Nua-Jersey faoi chúrsaí ina stát féin, na héagsúlachtaí a bhain le toghchán na bliana seo i gcomparáid le blianta eile agus an baol foréigin agus léirsithe atá ann anois ón méid a thit amach....more26minPlay
October 27, 2020Clár 271 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Colmcille Ó Monacháin linn ó Bhruiséil na Beilge faoina bhua Gradam de Bhaldraithe 2020 dá leabhar 'Ar luch agus ar dhuine', aistriúchán den leabhar Of Mice and Men lonnaithe i gCalafóirne sna 30í . Chomh maith leis sin beidh beidh Leifteanant Aifric Gallagher, an Captaen Diarmuid Ó Céidigh agus eitleoir, Stevie gleeson ó Óglaigh na hÉireann ag labhairt linn óna misean sa tSiria faoi láthair, dúshláin na paindéime agus eile....more31minPlay
October 13, 2020Clár 270 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Niall Ó Siadhail ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag linn faoina gcuid imeachtaí i rith na paindéime, a bpodchraoladh nua 'Nuacht Mhall' agus conas mar atá cúrsaí sa Ríocht Aontaithe faoi láthair. Chomh maith leis sin labhair Laura Gaynor linn faoin bhféile scannáin Her International a d'eagraigh grúpa déagóirí ar líne....more27minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.