Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
October 06, 2020Clár 269 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Eimear Ní Bhroin linn ó Oifig áitiúil an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn faoi Sheimineár Gréasáin a bhfuil a hoifig ag cur ar siúl i gcomhpháirt le hOireachtas na Gaeilge agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le deiseanna fostaíochta leis an Aontas Eorpach. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne mé tamall ó shin le Robert Henneberg ó Chonradh na Gaeilge Beirlín a bhog go hÉirinn ó Bheirlín na Gearmáine le déanaí le tosú ag obair le hAmbasáid na Gearmáine in Éirinn....more28minPlay
September 29, 2020Clár 268 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhair Dónall Ó Braonáin, Stiúrthóir Acadúil na Gaeilge Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge OÉG linn faoin seimineár idirnáisiúnta ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain a chuir an Ollscoil ar siúl ar líne le rannpháirtithe ó thíortha i bhfad is i gcéin le déanaí. Chomh maith leis sin labhair Eoin Ó Catháin linn faoi Thoghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe atá 5 seachtaine uainn anois agus an chéad díospóireacht idir na hiarrthóirí le bheith ar siúl anocht, an 29 Meán Fómhair....more29minPlay
September 22, 2020Clár 267 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Deirdre Ní Mhurchú ag labhairt linn faoina scoláireacht Fulbright in Ollscoil Gonzags i Stát Washington agus faoin seimineár gréasáin ar ghlac sí páirt ann le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Robert Henneberg ó Chonradh na Gaeilge Beirlín a bhog go hÉirinn ó Bheirlín na Gearmáine le déanaí le dul i mbun oibre le hAmbasáid na Gearmáine in Éirinn....more30minPlay
September 15, 2020Clár 266 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo, bhí Ellen Corbett ag labhairt linn faoina scoláireacht Fulbright in Ollscoil Montana agus faoin seimineár gréasáin ar ghlac sí páirt ann le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Emma Verling, taighdeoir iardhochtúireachta san éiceolaíocht muirí i gColáiste na hOllscoile Chorcaí faoina cuid taighde anseo in Éirinn, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, agus an chaint a thug sí mar chuid den fhéile Liú Lúnasa ar líne le déanaí....more30minPlay
September 08, 2020Clár 265 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Marcas Mac an Tuairneir linn ón Albain agus é ag labhairt linn (as Gaeilge agus Gàidhlig) faoin imeacht 'Srubag' ar líne agus faoina chuid filíochta. Chomh maith leis sin labhair Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann faoi shraith seimineár gréasáin atá á dhéanamh ag Fulbright chun a gcuid scoláireachtaí a fhógairt....more27minPlay
September 01, 2020Clár 264 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Gregóir Ó Dáire linn faoina chuid ama ag teagasc i mBrest agus a aistriú go dtí an Danmhairg. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le éistfimid siar le hagallamh a rinne mé le gairid le Eoin McEvoy agus é ag insint dúinn faoi Lá Idirnáisiúnta i gcoinne homafóibe, défhóibe, idirghnéasachais agus trasfóibe agus an grúpa Gaeil ladta+ an Queercal Comhrá....more28minPlay
August 25, 2020Clár 263 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Shane Hennessy linn faoi Fhéile na nGael Milwaukee agus na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le saol an cheoltóra i rith paindéim an choróinvíris. Chomh maith leis sin bhí Siothrún Sardina linn le labhairt faoi chúrsaí Gaeilge agus a Phop up Gaeltacht i San Diego, agus eile....more30minPlay
August 18, 2020Clár 262 - 2020 - Raidió na LifeClár speisialta ar Fhéile na nGael Milwaukee a bhí anseo - ar líne i mbliana toisc paindéim Covid_19. Chualamar ó Mháire Ní Chéileachair faoi chúrsaí ceoil agus ó Ray Mac Manais faoi stair na féile agus naisc le hOireachtas na Gaeilge....more30minPlay
August 11, 2020Clár 261 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Pa Sheehan ag caint linn faoina bpodchraoladh úr "Ar Imeall na Cearnóige" agus a aistriú go Toronto Ceanada chun tabhairt faoi scoláireacht ICUF. Chomh maith leis sin labhair Donal Regan linn faoi chúrsaí Gaeilge i gColorado, a shaol féin ó Londain go Cill Dara go California go Colorado!...more30minPlay
July 14, 2020Clár 259 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Fran Mulraney linn ó Nua Eabhrac faoina ballraíocht boird den ghrúpa Scríbhneoirí agus Ealaíontóirí Gaeil Mheiriceánacha agus cúrsaí sna Stáit Aontaithe faoi láthair. Chomh maith leis sin chualamar ó Mhícheál von Spiegel i Philadelphia, Coill Penn faoin ngrúpa Gael ansin agus a shaol féin....more30minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.