Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
April 21, 2020Clár 248 - 2020 - Raidió na LifeAr ár gcéad chlár de Fada is Fairsing taifeadta ón mbaile i rith géarchéim an choróin víris, labhair mé le m'iarchomhláithreoir ar an gclár Eoin Ó Catháin faoi chúrsaí thall i mBruiséil na Beilge agus le hEvin Ó Dúnaigh ó Chonradh na Gaeilge Glaschú faoi chúrsaí san Albain - ranganna Gaeilge an Chonartha ar líne agus eile!...more34minPlay
February 18, 2020Clár 247 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Ciarán Ó Muirthile ó Aidlink Ireland ag labhairt linn faoin gcatharnacht agus a gcuid oibre. Chomh maith leis sin bhí Tony Duffy ag labhairt linn faoina chuid oibre thall sa tSín ach é bheith sáinnithe sa mbaile anois toisc an coróinvíreas agus ar deireadh bhí Brian Ó Éigeartaigh linn ó Fheachtas Comhbhá na hÉireann leis an bPalaistín le labhairt faoin bhfeachtas agus faoin oíche a bheas acu d'oibrithe deonacha ar an 19 Feabhra....more29minPlay
February 11, 2020Clár 246 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Kate Cunningham ag labhairt linn faoi Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath ar siúl 26 Feabhra - 8 Márta 2020. Chomh maith leis sin bhí Gwyneth Ní Aidicín Ní Loinsigh linn ó Londain Shasana áit ar eagraigh sí Pop Up Gaeltacht ag an deireadh seachtaine i ndiaidh ceolchoirme de chuid Kneecap sa chathair!...more24minPlay
February 04, 2020Clár 245 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Somhairle Mag Uidhir ó Raidió Fáilte atá caint linn faoin mBreatimeacht agus cúrsaí ó thuaidh ceithre lá tar éis don Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne an tOllamh Kevin Scannell linn le gairid tar éis dó bogadh go Gaillimh chun scoláireacht Fulbright a dhéanamh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua faoina scoláireacht agus a chuid taighde faoin nGaeilge ar líne agus eile....more29minPlay
January 28, 2020Clár 244 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí an Dr Muireann Ní Raghallaigh ón gColáiste Ollscoile BÁC ag labhairt linn faoina cuid taighde agus cás na dteifeach ag teacht isteach go hÉirinn i láthair na huaire. Chomh maith leis sin bhí Katie Roskams ag labhairt linn ó Northumberland Shasana faoin gcúrsa cianfhoghlama sa Ghaeilge Fheidhmeach atá á dhéanamh aici óna baile i Sasana le Gaeilge OÉG. Ar deireadh bhí Ola Majekodunmi ag labhairt linn faoina hainmniúchán sna duaiseanna Amdalah Fondúireacht na hAifrice (AMDAF) agus a clár nua ar Raidió na Life Afra Éire!...more31minPlay
January 21, 2020Clár 243 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Síne Nic an Ailí linn le labhairt faoi imeacht a bhí ar siúl Dé Sathairn mar chuid den fhéile Máthairtheangacha le file ón mBrasaíl. Chomh maith leis sin beidh bhí Breeda Bonner ag labhairt linn faoi cheiliúradh Lá Fhéile Bríde a bheas ar siúl i gCluain Dolcáin le Áras Chrónáin agus timpeall ar an mbruachbhaile, agus faoin bpobal ilchultúrtha atá ag fás ann anois....more26minPlay
January 14, 2020Clár 242 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí an Dr Neil Comer ó Ollscoil Ulaidh ag labhairt linn faoin gcúrsa úr, MA san Aistriúchán agus scileanna gairmiúla teanga san ollscoil. Chomh maith leis sin beidh bhí Tomaí Ó Conghaile ag labhairt linn faoi Ghradaim Nós 2020 agus a chuid ama thar sáile sa Bhruiséil ag obair leis an gCoimisiún ag aistriú....more30minPlay
January 07, 2020Clár 241 - 2020 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí an tOllamh Kevin Scannell atá díreach tar éis bogadh go Gaillimh chun scoláireacht Fulbright a dhéanamh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag labhairt linn faoina scoláireacht agus a chuid taighde faoin nGaeilge ar líne agus eile. Chomh maith leis sin bhí Ciarán Mac Guill ag labhairt linn faoin nGaeltacht sur Seine - grúpa Gael i bPáras na Fraince - a gcuid imeachtaí is eile....more27minPlay
December 17, 2019Clár 240 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Rowan Sherlock linn faoin gCumann Catharnachta Éireannach i dTalamh an Éisc. Chomh maith leis sin bhí Síne Nic an Ailí ag labhairt linn faoin eagraíocht agus an fhéile Mother Tongues Ireland....more26minPlay
December 10, 2019Clár 239 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair an Dr Pádraig Ó Duibhir linn faoina chuid taighde sochtheangeolaíochta - ó chás na Gaeilge go cás na Breatnaise is eile. Chomh maith leis sin bhí Seaghan Mac An tSionnaigh linn le labhairt faoin aonach mór leabhar agus ceoil Durango-ko Azoka ar fhreastail sé air i nDurango, Tír na mBascach le gairid....more30minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.