Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
December 03, 2019Clár 238 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhreathnaíomar siar ar Fhéile Altaithe in agallamh a rinne mé le Síobhra Aiken agus Pádraig Mac Mathúna ag Dinnéar Altaithe Chumann Iarscoláirí Fulbright na hÉireann i Luimneach Dé hAoine. Chomh maith leis sin bhí Cristóir Mooney agus Pamaladh Uí Néill linn ón Astráil (Hastings agus Syndey) le labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge ina mbailte féin agus timpeall na hAstráile....more28minPlay
November 26, 2019Clár 237 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Síne Nic an Ailí ó Chultúr Club Conradh na Gaeilge ag labhairt linn faoina cuid taistil le déanaí go grúpaí ar fud na cruinne- grúpa Gaeilge in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha san áireamh! Chomh maith leis sin bhí Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann ag labhairt linn oscailt chomórtas do mhic léinn dul chun na Stáit Aontaithe ar scoláireachtaí SUSI....more28minPlay
November 12, 2019Clár 236 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo, bhí Cuan Ó Seireadáin ag caint faoina leabhar nuafhoilsithe 'Douglas Hyde: The American Journey' agus na seoltaí a bhí ar siúl sna Stáit Aontaithe agus a bheidh ar siúl in Éirinn. Chomh maith leis sin chulamar pacáiste agallamh a rinne mé le Niall Ó Siadhail, Pól Batley agus Alannah Ní Ghallchobair ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag Oideas Gael le déanaí faoi chúrsaí Gaeilge i Londain na laethanta seo agus a dturas go hÉirinn, agus le Jann as an mBriotáin ag labhairt linn i mBriotáinis....more33minPlay
November 02, 2019Clár 235 - 2019 - Raidió na LifeClár speisialta de Fada is Fairsing é seo beo ó Oireachtas na Samhna 2019 le haíonna rialta an chláir tagtha ó i bhfad go hÉirinn a bheith linn don fhéile! Bhí Karen Reshkin agus Mike O'Regan linn ó Ghaeil Chicago, Indiana na S.A.; Scott Oser linn ó Vancouver Ceanada, Eoin Ó Catháin abhaile ón mBruiséil agus James McDonald ó Chonradh na Gaeilge i Londain....more58minPlay
October 22, 2019Clár 234 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí an tOllamh Gearóid Ó hAllmhurain ag labhairt linn faoin bhfolúntas atá ann do léachtóir Gaeilge in Ollscoil Concordia faoi láthair. Chomh maith leis sin bhí an tOllamh Regina Uí Chollatáin ón gColáiste Oscoile BÁC ag labhairt linn faoin gComhoibriú nua idir COBÁC agus Beijing Foreign Studies University sa tSín....more26minPlay
October 15, 2019Clár 233 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí bhí Séamas Ó Neachtain agus Niall Gordon ag labhairt linn faoi An Gael - Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge agus an Ghàidhlig ann - litríocht ó Niall le déanaí - roinnt Gáidhlige ó Niall ar an gclár....more27minPlay
October 08, 2019Clár 232 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Paula Melvin ag labhairt linn faoi chomórtas scoláireachtaí Fulbright. Ansin bhí Barra Ó Scanláin ag labhairt linn faoin deireadh seachtaine Gaeilge atá á eagrú aige thall i Vancouver Ceanada. Chomh maith leis sin bhí Noelle O Connell, Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi obair a heagraíochta níos lú ná 4 seachtaine roimh an mBreatimeacht agus eile!...more31minPlay
October 01, 2019Clár 231 - 2019 - Raidió na LifeCAr an gclár seo bhí Pa Sheehan ag labhairt linn faoin scoláireacht ICUF atá idir lámha aige i dTalamh an Éisc faoi láthair. Chomh maith leis sin, bhí Paula Melvin ag labhairt linn faoi oscailt scoláireachtaí Fulbright 2020-2021....more26minPlay
September 24, 2019Clár 230 - 2019 - Raidió na LifeClár speisialta a bhí anseo faoi Ghaeil Ollscoil Connecticut na SAM. Bhí Sinéad Ní Mhuirí ag labhairt linn faoi bheith mar scoláire Fulbright ann agus bhí Brendan Kane agus Emmett de Barra ag labhairt linn faoi léamh.org agus eile san ollscoil....more30minPlay
September 17, 2019Clár 229 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí an comhairleoir Peadar Ó Caomhánaigh ón gComhaontas Glas ag labhairt linn anocht faoin Stailc Idirnáisiúnta Aeráide a bheidh ar siúl Dé hAoine beag seo. Chomh maith leis sin bhí John Prendergast linn le labhairt faoina bhliain thall in Ollscoil Notre Dame ar scoláireacht Fulbright agus é díreach fillte ar Éirinn....more27minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.