Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
September 10, 2019Clár 228 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Máire Ní Mhaonaigh ó Ollscoil Cambridge ag labhairt linn faoin bhfoclóir eDIL agus an 500 focal nua Gaeilge ar tháinig sí agus a comhghleacaithe ansin agus in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste orthu- tuilleadh ag: bit.ly/2kkFcrr .Chomh maith leis sin bhí Eoin Ó Catháin ag labhairt linn ón mBruiséil faoin scéal is deireanaí maidir leis an mBreatimeacht....more27minPlay
August 27, 2019Clár 227 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Karen Reshkin ag labhairt linn faoin gcaint a thug sí féin agus Dineen Grow ag an gCeardlann Gaeilge ag an Milwaukee Irish Fest le gairid faoi conas rang Gaeilge a thosú. Chomh maith leis sin bhí Fran Mulraney ó Irish Central ag labhairt linn faoin "#popupgaeltacht is mó ar domhan" i Nua Eabhrac!...more27minPlay
August 20, 2019Clár 226 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Bláth de Burca linn faoin sraith cainteanna ar fheimeanachas atá á eagrú aici mar chuid d'Fhéile Fringe Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin bhí Sara McNamara linn ó Chomhaltas ag labhairt linn faoi Fhleadh Cheoil 2019 i nDroichead Átha, na daoine ó gach cearn den domhan a bhí i láthair aige - daoine ó chraobhacha idirnáisiúnta Comhaltas ina measc....more26minPlay
August 13, 2019Clár 225 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Pádraig Ó Baoighill ag labhairt linn faoi léacht a thug sé le Conradh na Gaeilge Glaschú i mí an Mheithimh in ómós do Sheán Ó Fiannaí faoi stair 'An tUltach'; chualamar faoi shaol Pádraig féin i nGlaschú, faoi Sheán agus faoin léacht. Chomh maith leis sin beidh Stiúrthóir Forbairt Cluichí an CLG Pat Daly ag labhairt linn faoi Chluichí Domhanda an CLG a bhí ar siúl i bPort Láirge le gairid....more25minPlay
July 30, 2019Clár 224 - 2019 - Raidió na LifeClár speisialta faoi Ghaeil Cheanada a bhí anseo! Bhí Barra Ó Scanláin ag labhairt linn faoin deireadh seachtaine Gaeilge atá á eagrú aige thall i Vancouver Ceanada -https://www.eventbrite.ca/e/vancouver-irish-language-weekend-tickets-60556850169. Chomh maith leis sin bhí Ian Mac Gabhann ag labhairt linn faoin scoláire seo ón Mohawk Nation, Taho Cross a tháinig go hÉirinn le gairid chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh ar scoláireacht ICUF https://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/student-from-mohawk-nation-completes-gaeltacht-course-1.3932245?mode=amp ....more29minPlay
July 23, 2019Clár 223 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí iarchraoltóir Meon na mBan, Brónagh Ní Chuilinn linn ag labhairt faoina cuid taisteal timpeall na hÁise agus a háit chónaithe nua san Astráil. Chomh maith leis sin bhí Aneta Mlckovská ó Leipzig na Gearmáine ag labhairt linn faoina turas timpeall ar Éirinn an samhradh seo....more28minPlay
July 16, 2019Clár 222 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Emma de Paor ag labhairt linn ó Ollscoil Leipzig áit a bhfuil sí ag múineadh Gaeilge le ERIU Leipzig, faoi chuairt a thug an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn ar an ollscoil le déanaí agus eile. Chomh maith leis sin bhí Marlena Gawlik ag labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Szeczecin sa Pholainn, agus bhí píosa a rinne mé le Chris Hickson múinteoir bunscoile i nGaelscoil Phortlaoise nuair a bhí sé thall sa Bhruiséil ar thuras le Clár na Réalta Goirme agus Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn le gairid....more28minPlay
June 25, 2019Clár 221 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair muid le Robert Henneberg i mBeirlín na Gearmáine faoi Conradh na Gaeilge Bheirlín, Cluichí Domhanda an CLG agus eile. Chomh maith leis sin bhí Paula Melvin ag labhairt linn faoina bainis dochreidte i bPáirc Yosemite California le déanaí!...more26minPlay
June 04, 2019Clár 220 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhair Somhairle Mag Uidhir linn faoi éirí as Theresa May, Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019 ó thuaidh agus cúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt le deireanas. Chomh maith leis sin bhí Evin Ó Dúnaigh linn ó Chonradh na Gaeilge Glaschú ag labhairt faoi Phop-Up Gaeltacht na Breataine agus Féile Gaeilge Glaschú....more31minPlay
May 28, 2019Clár 219 - 2019 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Noelle Ó Connell, Stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2019 agus éirí as Theresa May. Chomh maith leis sin bhí Peadar Ó Caomhánaigh ó Pháirtí an Chomhaontas Glas ag labhairt linn faoina bhua féin sna Toghcháin Áitiúla agus bua Ciarán Cuffe sna Toghcháin Eorpacha....more29minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.