Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
March 16, 2021Clár 289 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Séamus Ó Neachtain linn faoi Chumann Carad na Gaeilge agus "An Gael - Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge". Chomh maith leis sin bhí Eoin Ó Catháin linn le labhairt faoi agallamh an Phrionsa Harry agus Meghan Markle, faoi bhogadh ar ais go hÉirinn ón mBruiséil, faoin bpaindéim sa Bheilg agus faoina ról nua le Raidió na Gaeltachta....more30minPlay
March 09, 2021Clár 288 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Oisín Mac Conamhna ó Londain linn le labhairt faoi chás Margaret Keane, ar bhuaigh a clann cás cúirte i Londain chun focail Gaeilge a chur ar a huaigh, agus an tacaíocht a thug Conradh na Gaeilge i Londain don chlann. Chomh maith leis sin labhróimid faoi imeachtaí idirnáisiúnta Seachtain na Gaeilge....more26minPlay
March 02, 2021Clár 287 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí mac le Chris Finnegan a bhí Linn an tseachtain seo caite, Ciarán Finnegan - 5 bliana d'aois, an aoi is óige a bhí againn ar an gclár riamh - ag labhairt linn faoi fhás aníos le Gaeilge i Nua Jersey! Chomh maith leis sin labhair Julie Breathnach-Banwait linn ó Perth na hAstráile faoina cnuasach dánta 'Dánta Póca' a foilsíodh le déanaí!...more29minPlay
February 23, 2021Clár 286 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Mícheál Ó Conghaile ó Chló IarChonnacht faoi cheardlann scríbhneoireachta a bheidh acu do scríbhneoirí ina gcónaí lasmuigh d'Éirinn. Chomh maith leis sin labhair Chris Finnegan linn faoi chiorcal comhrá grúpa Gael i New Jersey, a pháistí a thógáil le Gaeilge i SAM, Bruce Springsteen (arb áit an mbaile céanna le Chris é!) agus an grúpa Gaeilgeoirí Philadelphia....more31minPlay
February 16, 2021Clár 285 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Karen Donn linn ó Dallas, Teicseas le labhairt faoi phop-upeanna Gaeltachta ar líne ar fud na cruinne agus a turas féin leis an nGaeilge. Chomh maith leis sin bhí Dónall Seán Ó Dubhghaill ag insint dúinn faoi Chumann na Gaeltachta agus Leacht Ceanada Éireann....more24minPlay
February 09, 2021Clár 284 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Sorcha Ní Riain linn faoina cuid taighde agus an chaint a thug sí ar líne le Pa Sheehan i gCeanada do Lá le Bríde. Chomh maith leis sin bhí Dónal Kearney ó Institiúid Amhránaíochta agus Ceoil na hÉireann linn le hinsint dúinn faoi imeachtaí ar siúl ag an Institiúid mar chuid d'Fhéile Douglass agus imeachtaí uile na seachtaine - comhráite faoi chine, imirce + go leor eile. Ar deireadh chualamar píosa ceoil ó bhanna ceoil Dónail, TRÚ, darb ainm It's Not the Light....more30minPlay
February 02, 2021Clár 283 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Anthony Cummins, comhláithreoir liom ar Raidió na Life ag labhairt linn faoina shaol sa Mhalaeisia - a chuid oibre le hOllscoil Perdana, an Ghaeilge ann, an ceol Gaelach in Oirdheisceart na hÁise & a chlár féin Gach Treo....more28minPlay
January 26, 2021Clár 282 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Ola Majekodunmi ó Bhord na Féile Máthairtheangacha linn le labhairt faoin gcampa teangacha a d'eagraigh an eagraíocht le déanaí agus tionscnaimh éagsúla Máthairtheangacha! Chomh maith leis sin beidh Sinéad Ní Mhuirí ag insint dúinn faoina scoláireacht Fulbright ag Ollscoil Connecticut, ag múineadh ón mbaile agus go leor eile!...more26minPlay
January 19, 2021Clár 281 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Ronan Mac Uidhir i mBeirlín na Gearmáine ag labhairt faoi "Gaeilge Gym" agus na pobail éagsúla teangach atá á dtarraingt le chéile aige ar líne agus Seanachán Ó Cinnéide linn le hinsint dúinn faoina gcúrsaí Gaeilge Comhrá le Chéile, insealbhú Biden amárach, foréigean i bhfoirgneamh an Chaipitil le déanaí agus eile....more31minPlay
January 12, 2021Clár 280 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Aindriú Ó Ciardha linn ó Oirthuaisceart na Stát Aontaithe faoin bhforéigean i Washington DC an tseachtain seo caite ag Foirgneamh an Chapitil agus cúrsaí Gaeilge agus eile le Gaeilgeoirí Philadelphia. Chomh maith leis sin chulamar ó Aedraen Ó Dubhghaill, PríomhOifigeach Forbartha le Coláiste Lurgan a d'inis dúinn faoin bhfíseán ceoil seo a rinne luch Lurgan le grúpa ón mBreatain Bheag trí Ghaeilge agus Bhreatnais - youtu.be/nBLeKfpI5zk...more28minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.