Fada is Fairsing

Fada is Fairsing

Download on the App Store

Fada is Fairsing episodes

  • Clár 462 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Áine McGillycuddy agus Dan Cusack linn ò Chicago le labhairt faoina gciorcal comhrá ansin, Gaeilago agus eile. Chomh maith leis sin bhí Dic Breathnach ar ais linn, i Stiúideó Raidió na Life an uair seo, le labhairt linn faoina chuid drámaíochta agus a chruinnuithe le drámadòirì agus aisteoirí agus faoina bhfuil ag éirí leo go dtí seo.
    24 min
  • Clár 461 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Molly O'Meara ag labhairt linn faoin bhféile ilchultúrtha Croílár a bheas ar siúl in Áth Luain mí Aibreáin. Chomh maith leis sin bhí Dónal agus Helen ón ngrúpa Preab-Ghaeltacht Bhaile Átha na bhFranc linn le labhairt faoi na himeachtaí iontacha a bheas ar siúl acu do Sheachtain na Gaeilge.
    25 min
  • Clár 460 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Nadia Dobrianska ag caint linn faoi thionchar Trump ar chogadh na Rúise ar Úcráin. Chomh maith leis sin bhí an Dr Sorcha de Brún in Ollscoil Luimnigh ag caint linn faoi na soinéid de chuid Shakespeare atá aistrithe go Gaeilge aici mar chuid dá cuid taighde, dánta aistrithe ón nGearmáinis, Mark Twain agus go leor eile.
    28 min
  • Clár 459 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí an t-Ollamh agus dlíodóir Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn faoin gcéad mhí d'uachtaránacht Trump sna Stáit Aontaithe - athruithe i ndan don tír, impleachtaí don Phalaistín agus géarchéim reitrice Trump.
    26 min
  • Clár 458 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Ola Majekodunmi ag labhairt linn faoin tsraith dánta trítheangacha "Notes from a Workaholic & More" a rinne sí leis an Axis i mBaile Munna. Chomh maith leis sin chualamar ó Dhúbhán Ó Longáin faoin alt a scríobh sé do Nós faoin taisteal agus na deiseanna uile a thug a chumas sa Ghaeilge dó thar na blianta.
    26 min
  • Clár 457 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Eoin McEvoy ag labhairt linn faoin léamh dráma "Grindr, Saghdar agus Cher" a rinne sé sa Bhreatain Bheag trí Bhreatnais le gairid! Chomh maith leis sin b Dic Breathnach ag labhairt linn faoin gCruinniú Drámaíochta a bheidh aige le scríbhneoirí, aisteoirí agus stiúrthòirí in Áras na Gaeilge.
    27 min
  • Clár 456 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo chualamar ó Cholm Ó Cinnseala as na Forbacha ag labhairt linn faoina chuid ama sa Mheánoirthear agus an litir a scríobh sé chuig ár bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa faoi chás na Palaistíne.Chomh maith leis sin, labhraíomar le Caoimhe Ní Fhanthorpa a bhí ag caint linn faoina saol san Éigipt, an chúis gur bhog sí ann agus na difríochtaí cultúrtha leis an tír.
    28 min
  • Clár 455 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo chualamar ó Jeffrey Sardina a labhair linn faoi na tinte uafásacha i gCathair na nAingeal i gCalifornia le gairid agus an t-Uachtarán nua Trum ag filleadh ar an Teach Bán. Chomh maith leis sin, bhí Bertie Ó hAinmhire ó Dhlúthpháirtíocht na Gaillimhe ar son na Pailistíne agus Trócaire ag labhairt linn faoi chúrsaí sa Phailistín i láthair na huaire tar éis don sos comharc a bheith fògartha an tseachtain seo caite.
    29 min
  • Clár 454 - 2025 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo chualamar ó Aislínn Nic Ruairí a bhí ar an gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus í ag labhairt linn faoi pháirt a ghlacadh sa chlár agus a saol sa Bheilg! Chomh maith leis sin, d'éisteamar le beagán de cheol fear chéile Aislínn, Páidí Ó Dubháin, ar cheoltóir proifisiúnta é sa Bhruiséil.
    25 min
  • Clár 453 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo chualamar ó Joe Breathnach faoi Extra G agus an t-alt a scríobh sé faoi Biden agus Trump in agus na pardúin atá á mbronnadh ag Biden agus é ag fágáil oifig an uachtaráin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Ríoghnach Hyland a bhí ar an gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus í ag labhairt linn faoi pháirt a ghlacadh sa chlár agus a saol sa Bheilg.
    25 min

About Fada is Fairsing

From the publisher's feed

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá…