Fada is Fairsing

Fada is Fairsing

Download on the App Store

Fada is Fairsing episodes

  • Clár 442 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo chualamar ó Thomás Ó Riain ag caint linn ó Learpholl Sasana faoi tríú léacht bliaintiúil a bheidh ar siúl sa chathair ar an 22 Dheireadh Fómhair in omós do Tony Birtill, comheagraithe ag Conradh na Gaeilge, Learpholl agus Féile na nGael Learpholl. Chomh maith leis sin, chualamar ó Mhicheáilín Nic Sheoin, Ellen Corbett agus Amergín Ó Caoindealbháin faoi chúrsaí Gaeilge i Strasbourg agus an Pop Up Gaeltacht a bheas ar siúl acu sa chathair Déardaoin beag seo!
    27 min
  • Clár 441 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo chualamar ó Stiofán Ó Foghlú, Cathaoirleach Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha na bhFranc sa Ghearmáin linn le labhairt faoi Thionól na Gearmáine, an tábhacht a bhaineann leis an méid gur féidir linn a fhoghlaim ó ghrúpaí Gaeilge timpeall na cruinne agus inimircigh, agus go leor eile!
    26 min
  • Clár 440 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Brent Ó Casaide linn le labhairt faoi Fhleadh Ghaelach Oulu san Fhionlainn, ar siúl ón 25-29 Meán Fómhair le héagsúlacht ceoltóirí agus scéalaithe i measc go leor eile ar an gclár spleodrach! Chomh maith leis sin, labhraíomar le Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge faoin imeacht ag a mbeidh sí ag labhairt, comheagraithe ag @Conradh na Gaeilge Craobh na Bruiséile agus Feisire Pharlaimint na hEorpa, Cynthia Ní Mhurchú sa Bhruiséil, díospóireacht painéil ar "Theangacha ar son na Síochána" mar cheiliúradh ar Lá Eorpach na dTeangacha ag deireadh na míosa leis an Ambasadóir Cáit Moran, Leas Bhuanionadaí na hÉireann chuig an AE agus Aire Gaeltachta, Thomas Byrne TD.
    24 min
  • Clár 439 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí an tuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh ag caint linn ó na Cluichí Parailimpeacha i bPáras na Fraince faoi bhuanna uile Foireann na hÉireann, searmanas mór dúnta na gCluichí agus go leor eile. Chomh maith leis sin labhraíomar le Máirín Nic Fhionghuin as an oileán Leodhais ó dhúchas faoin léacht a thabharfaidh sí féin faoi logainmneacha a léiríonn ceangail stairiúla idir Éirinn agus Albain ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag deireadh na míosa.
    27 min
  • Clár 438 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Seanán Ó Coistín ag labhairt linn faoina úrscéal Gaeilge grafach úr 'Scott Pilgrim', ainmniúcháin an leabhair do Ghradam de Bhaldraithe mar chuid de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, faoi fhreastal ar Comic Con Bhaile Átha Cliath le gairid agus go leor eile!
    22 min
  • Clár 437 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí an scéalaí, drámadóir, draíochtóir agus eile, Quentin Reynolds a bhog ó Mhanchain go Baile Átha Cliath cúpla bliain ó shin, linn le labhairt faoina chuid oibre agus léiriú dá chuid scéalaíochta a rinne sé le gairid ag Oideas Gael le Gaeil as gach cearn den domhan. Chomh maith leis sin bhí Tony Ó Floinn linn le labhairt faoin léacht a thabharfaidh sé faoi Phádraig Phiarais Cúndún agus a shaol in Éirinn agus i Meiriceá ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh mí Mheán Fómhair.
    27 min
  • Clár 436 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an gclár seo bhí Darach Ó Tuairisg linn ó Fíbín le labhairt faoi "Súil Eile: Oíche Idirnáisiúnta Drámaíochta" inar ghlac Fíbín páirt ann le gairid. Chomh maith leis sin éistfimid siar le píosa ó níos luaithe sa samhradh inar labhair Bríd Anna Ní Bhaoill linn faoin gcúrsa blaiseadh Gaeltachta a chomhreachtáil sí féin agus a chomhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste le Gaeil sna Stáit Aontaithe, Seoirsín Ní Mheachair ina measc!
    26 min
  • Clár 435 - 2024 - Raidió na Life
    Clár speisialta a bhí anseo le breathnú siar ar na Cluichí Oilimpeacha 2024 agus buanna uile Foireann na hÉireann. Labhair tuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh linn tar éis dó filleadh ó Pháras!
    28 min
  • Clár 434 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an glcár seo bhí an t-Ollamh Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn ó Mhinnesota, áit a bhfuil sí mar léachtóir, faoina léamh is déanaí ar thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin bhí an Dr Pádraig Ó Liatháin ó Ollscoil Chathair BhÁC, atá i mbun taighde ar lámhscríbhinn Gaeilge in Ollscoil Columbia University, Nua Eabhrac, ag breathnú ar naisc trasAtlantacha ag an Leabharlann "Rare Books and Manuscripts", linn le labhairt faoina cuid taighde sall.
    30 min
  • Clár 433 - 2024 - Raidió na Life
    Ar an glcár seo bhí an Dr Ronan Ó Conghaile ó Let's Learn Irish ag labhairt linn faoi na folúntais atá acu do mhúinteoirí Gaeilge dá gcuid daltaí i Washington DC agus ar fud na cruinne! Chomh maith leis sin bhí Ciarán Dunbar ag labhairt linn faoi phodchraoladh 'Seachtain' leis an Irish Independent a rinne sé le Brian Ó Broin agus Séamus Ó Neachtain sna Stáit Aontaithe faoi Trump agus na feachtais toghchán uachtaránachta faoi láthair.
    25 min

About Fada is Fairsing

From the publisher's feed

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá…