Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
April 23, 2024Clár 423 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Aisling Ní Bhrádaigh, Ceanasaí Cumarsáide le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt linn faoi na Toghcháin Eorpacha ina mbeidh deis ag muintir na hÉireann vótáil ar an 7 Meitheamh, conas a bheith cinnte go bhfuil tú cláraithe le vótáil agus an feachtas atá ar siúl ag an eagraíocht, dar teideal "Is Féidir Vótáil, Taim ag Vótáil!"...more27minPlay
April 16, 2024Clár 422 - 2024 - Raidió na LifeAAr an gclár seo bhí Áine Uí Fhoghlú ón ngrúpa úr Gaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair an ghrúpa, faoina fheachtas Solas do Pháistí Gaza agus faoin oíche filíochta a nglacfaidh sí páirt ann i gCorcaigh chun airgead a thiomsú don Phailistín....more26minPlay
April 09, 2024Clár 421 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Gearóid Ó Treasaigh linn ó Ollscoil Naomh Thomáis i Fredericton Ceanada, áit a bhfuil scoláireacht ICUF idir lámha aige. Chomh maith leis sin bhí John Woods linn ón mBruiséil le labhairt faoin gcéad díospóireacht poiblí Gaeilge a reachtáladh le gairid i bParlaimint na hEorpa a raibh sé féin mar chathaoirleach uirthi....more27minPlay
March 12, 2024Clár 420 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Seannachán Ó Cinéide linn le labhairt faoi imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge i Massachusetts na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin bhí Eoghan Mac Cormaic, iarphríosúnaí Poblachtánach i bpriosiún na Ceise Fada, linn ag caint faoina leabhar úr 'Gaeil agus Géibheann', a thaithí leis an nGaeilge sa phriosiún, Gaeilge i Westminster sa 19ú hAois agus go leor eile....more27minPlay
March 05, 2024Clár 419 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Deirdre Ní Mhathúna ón Little Ireland Arts Collective san Albain ag labhairt linn faoin imeachtaí Sheachtain na Gaeilge san Albain! Chomh maith leis sin chualamar cuid de cheol cara le Deirdre, Máire McCarthy an ghrúpa....more25minPlay
February 27, 2024Clár 418 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Pádraig Mac Brádaigh ó Choláiste na Tríonóide ag labhairt linn faoina feachtasaíochta don chéad ról lánaimseartha mar Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn san ollscoil agus faoi Éigse na Tríonóide le gairid. Chomh maith leis sin bhí Lorna Johnson as an Ríocht Aontaithe ach ina cónaí sa Nua-Shéalainn anois ag caint linn faoi cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge sa tír le craobh Chonradh na Gaeilge Aotearoa ar sheachtain Lá le Pádraig....more26minPlay
February 20, 2024Clár 417 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ag labhairt linn faoina turas chuig na Stáit Aontaithe le gairid, ag labhairt le mic léinn Ollscoil Harvard faoi Chonradh na Gaeilge agus a chuid feachtas; Ardfheis Chonradh na Gaeilge agus na craobhacha CNAG a bheas ag freastal air ó áiteanna ar fud na cruinne; agus faoi chúrsaí Gaeilge i mBaile Átha Cliath 15, a ceantar féin!...more25minPlay
February 13, 2024Clár 416 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Barra Ó hÉireamhóin ag labhairt linn faoin tionscnamh iontach atá ar siúl aige le grúpa cairde ar fud na cruinne chun airgead a bhailiú do chatharnachtaí a oibríonn ar chúrsaí meabharshláinte. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le píosa a rinne Clár Ní Bhuachalla, Stiúrthóir Gaeltacht UCD i gCOBÁC linn faoi Scoil Samhraidh COBÁC a bhíonn ar siúl gach samhradh san Ollscoil le héagsúlacht imeachtaí mar chuid de!...more27minPlay
January 30, 2024Clár 415 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Emma de Paor agus Lena Krochmann linn ó Ériú Leipzig, grúpa mac léinn a oibríonn ar mhionteangacha sa Ghearmáin, linn le labhairt- trí mheascán de Ghaeilge agus Ghaidhlig (Gaeilge na hAlban!) - faoina ngrúpa agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl acu. Chomh maith leis sin bhí Ruth Ó Laoide Kelly linn ón mBruiséil le labhairt linn faoi imeachtaí atá ar siúl ag Craobh na Bruiséile de Chonradh na Gaeilge do Lá le Bríde....more27minPlay
January 23, 2024Clár 414 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Seathrún Sardina ag insint dúinn faoin bpop up Gaeltacht agus faoina thuras chun na Stáit Aontaithe ag comhdhálacha taighde. Chomh maith leis sin bhí Mags, bainisteoir Ciorcal Comhrá Stutgartt ag labhairt linn faoin ngrúpa Gael atá acu sa chathair Ghearmánach agus a gcuid imeachtaí!...more27minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.