Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 427 episodes available.
May 16, 2023Clár 387 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Mary Lou Dunworth, mac léinn de chuid an Dianchúrsa i Scríobh na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad atá lonnaithe i Massachusetts. Chomh maith leis sin bhí Comhordaitheoir na Gaeilge leis an Lárionad Gaeilge san Ollscoil linn le labhairt faoi na deiseanna éagsúla de chúrsaí ar líne atá ann do dhaoine ar fud fad na cruinne atá ag iarraidh cur lena chuid cumas sa Ghaeilge....more31minPlay
April 25, 2023Clár 386 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Siubhán Nic Amhlaoibh linn faoina am i Learpholl Shasana, an píosa a rinne sí le TG4 faoi Staid Anfield agus an pobal Gaelach i Learpholl. Chomh maith leis sin bhí Seán Mac Coisteallaí ag labhairt linn faoin bPop-Up Gaeltacht a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh beag seo in Havertown ar imeall Philadelphia, PA sna Stáit Aontaithe. Ar deireadh ansin chualamar ó Indrik Ois as an Eastóin a d'aistrigh an leabhar Gaeilge 'Madame Lazare' go hEastóinis faoina gcuid oibre ar an aistriúchán, a chuid oibre agus eile....more31minPlay
April 18, 2023Clár 385 - 2023 - Raidió na LifeBhí clár speisialta againn anseo faoin bhFéile Pancheilteach ina raibh Bríde de Róiste ó lucht eagraithe na Féile ag labhairt linn faoi conas mar a d'éirigh leis an bhFéile, na himeachtaí agus comórtais éagsúla a bhí mar chuid de agus go leor eile!...more27minPlay
April 11, 2023Clár 384 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhair Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad linn faoi fholúntas do Chúntóir Sinsireach Feidhmiúcháin TEG leis an ollscoil atá ar oscailt i láthair na huaire. Chomh maith leis sin bhí Guinevere Barlow ó Ambasáid na hÉireann i Singapore ag labhairt linn faoi Phop Up Gaeltacht a bhí ag lucht na hAmbasáide ansin le gairid....more34minPlay
April 04, 2023Clár 383 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Sinéad Ní Scolaí linn faoina scoláireacht ICUF in Ottawa Cheanada agus a saol sa chathair. Chomh maith leis sin labhair Cailín Nic an tSionnaigh atá ar scoláireacht Fulbright mar theagascóir Gaeilge in Ollscoil Wisconsin-Milwaukee linn faoina bliain ansin....more27minPlay
March 28, 2023Clár 382 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhair Judy-Meg Ní Chinnéide linn faoi ghearrliostú a sraith drámaí do pháistí 'A New Home' do dhuais raidió Gradaim Féilte Nua Eabhrac le gairid. Chomh maith leis sin bhí Greagóir Ó Dáire linn ó Uppsala na Sualainne le labhairt linn faoi Fhéile Pádraig agus an phop-up Gaeltacht a bhí acu sall....more28minPlay
March 21, 2023Clár 381 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhair Daithí Mac Cárthaigh linn faoin gComhdháil a bheas ar siúl in Óstaí an Rí chun eolas a roinnt le daoine faoi dheiseanna fostaíochta do chéimithe dlí mar dhlítheangeolaithe leis an AE srl. Chomh maith leis sin bhí Caitríona Weafer ag labhairt linn faoi na Gaeil ag na hOscair agus an Pop-up Gaeltacht a bhí ar siúl i gCathair na nAingeal mar cheiliúradh orthu uile!...more31minPlay
March 14, 2023Clár 380 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhair John Woods linn faoi oscailt an chomórtais do chonarthaí aistriúcháin leis an AE agus faoi imeacht a bheas ag an gCoimisiún Eorpach in Éirinn faoi. Chomh maith leis sin bhí Brigita Gallagher linn le labhairt faoina scoláireacht ICUF in Alberta Ceanada agus na comparáidí a dhéanann sí idir na Stáit Aontaithe agus Ceanada....more30minPlay
March 07, 2023Clár 379 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Alannah Owens, Oifigeach Polasaí leis an eagraíocht Akidwa linn le labhairt faoina gcuid oibre agus an imeacht ceiliúrtha a bhí acu do Lá na Máthairtheangacha. Chomh maith leis sin bhí Ciara Ní Dhomhnalláin linn le labhairt faoina saol i Melbourne na hAstráile agus faoi phop up Gaeltacht a eagraíodh sa chathair le gairid....more31minPlay
February 28, 2023Clár 378 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Emmanuel Ntemuse ag labhairt linn faoina scéal féin, a chuid staidéir, a chuid oibre le hÓgras agus imeacht ar ar labhair sé ar líne le gairid. Chomh maith leis sin bhí Tura Arutura ag labhairt linn faoina chuid ranganna agus ceardlanna damhsa Afraiceacha agus Éireannacha i mBéal Feirste!...more28minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 427 episodes available.