Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
April 04, 2023Clár 383 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Sinéad Ní Scolaí linn faoina scoláireacht ICUF in Ottawa Cheanada agus a saol sa chathair. Chomh maith leis sin labhair Cailín Nic an tSionnaigh atá ar scoláireacht Fulbright mar theagascóir Gaeilge in Ollscoil Wisconsin-Milwaukee linn faoina bliain ansin....more27minPlay
March 28, 2023Clár 382 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhair Judy-Meg Ní Chinnéide linn faoi ghearrliostú a sraith drámaí do pháistí 'A New Home' do dhuais raidió Gradaim Féilte Nua Eabhrac le gairid. Chomh maith leis sin bhí Greagóir Ó Dáire linn ó Uppsala na Sualainne le labhairt linn faoi Fhéile Pádraig agus an phop-up Gaeltacht a bhí acu sall....more28minPlay
March 21, 2023Clár 381 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhair Daithí Mac Cárthaigh linn faoin gComhdháil a bheas ar siúl in Óstaí an Rí chun eolas a roinnt le daoine faoi dheiseanna fostaíochta do chéimithe dlí mar dhlítheangeolaithe leis an AE srl. Chomh maith leis sin bhí Caitríona Weafer ag labhairt linn faoi na Gaeil ag na hOscair agus an Pop-up Gaeltacht a bhí ar siúl i gCathair na nAingeal mar cheiliúradh orthu uile!...more31minPlay
March 14, 2023Clár 380 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhair John Woods linn faoi oscailt an chomórtais do chonarthaí aistriúcháin leis an AE agus faoi imeacht a bheas ag an gCoimisiún Eorpach in Éirinn faoi. Chomh maith leis sin bhí Brigita Gallagher linn le labhairt faoina scoláireacht ICUF in Alberta Ceanada agus na comparáidí a dhéanann sí idir na Stáit Aontaithe agus Ceanada....more30minPlay
March 07, 2023Clár 379 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Alannah Owens, Oifigeach Polasaí leis an eagraíocht Akidwa linn le labhairt faoina gcuid oibre agus an imeacht ceiliúrtha a bhí acu do Lá na Máthairtheangacha. Chomh maith leis sin bhí Ciara Ní Dhomhnalláin linn le labhairt faoina saol i Melbourne na hAstráile agus faoi phop up Gaeltacht a eagraíodh sa chathair le gairid....more31minPlay
February 28, 2023Clár 378 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Emmanuel Ntemuse ag labhairt linn faoina scéal féin, a chuid staidéir, a chuid oibre le hÓgras agus imeacht ar ar labhair sé ar líne le gairid. Chomh maith leis sin bhí Tura Arutura ag labhairt linn faoina chuid ranganna agus ceardlanna damhsa Afraiceacha agus Éireannacha i mBéal Feirste!...more28minPlay
February 21, 2023Clár 372 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Evin Ó Dúnaigh ó Chonradh na Gaeilge Glaschú ag labhairt linn faoi phopup Gaeltacht a bheas ar siúl i nGlaschú Déardaoin! Chomh maith leis sin bhí Jeffrey Sardina ag labhairt linn faoi Mhórshiúl "Éire do Chách" ar fhreastail sé air ar an Satharn!...more33minPlay
February 14, 2023Clár 371 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Vitoria Mrozowicz ó phobal na Polainne in Éirinn linn faoina cuid ceoil, Gaeilge, faoi chanadh ag imeacht ilchultúrtha de chuid Conradh na Gaeilge le gairid agus go leor eile. Chomh maith leis sin bhí Caoimhín de Barra linn le labhairt faoin alt a scríobh sé ar shuíomh Let's Learn Irish agus an cheardlann ar líne a thabharfaidh sé go luath....more26minPlay
January 31, 2023Clár 370 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Cian Mac Cárthaigh linn ón mbanna ceoil Imlé le labhairt faoin gig a bheas acu le Róisín Seoighe i Londain go luath. Chomh maith leis sin bhí Eoin Ó Catháin ag labhairt linn faoi An Cailín Ciúin agus an ráth atá ar lucht an scannáin agus ar mhuintir na hÉireann agus 14 Éireannaigh/scannáin Éireannacha ainmnithe do na Oscars i mbliana....more31minPlay
January 24, 2023Clár 369 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Brídín Nic Gabhann ag labhairt linn faoi Fhéile Traid Bharra an Teampaill ag a mbeidh ceoltóirí as gach cearn den domhan ag seinm agus beidh Ryan Quinn ag labhairt linn faoina scoláireacht Ollscoil na hÉireann le dul i mbun staidéir in Ollscoil Utrecht san Ísiltír! Chomh maith leo sin, beidh Dubhán Ó Longáin ag labhairt linn faoi chúrsa nua atá á fhorbairt aige le Gaelchultúr dírithe ar ilchultúrachas, béaloideas agus go leor eile....more27minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.