Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
July 02, 2023Clár 394 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo chualamar ó Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais 'Gaelteanga', tionscnamh nua ar líne a sholáthraíonn ranganna Gaeilge ar líne do dhaoine fud fad na cruinne. Chomh maith leis sin bhí Lorna Johnson as an Rìocht Aontaithe agus ina cónaí sa Nua-Shèalainn anois ag linn le labhairt faoin turas ar a bhfuil sí faoi láthair i mbun cúrsa Gaeilge le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille. Ar deireadh chualamar an dara leath d'agallamh a rinne mé le Karl Birthistle san Eilvéis faoina chuid oibre leis an Roinn Sláinte i gcantún Basel-Land mar víreolaí cliniciúil don straitéis leighis don chlár vacsaínithe i rith na paindéime, na cúrsaí Gaeilge a rinne sé le hOllscoil Mhá Nuad, le hOllscoil na Gaillimhe agus Oideas Gael agus go leor eile!...more32minPlay
June 27, 2023Clár 392 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo chualamar ó Lonán Ó Lorgnáin i Melbourne na hAstráile faoin obair atá ar siúl aige chun Gaelscoil a bhunú sa chathair agus folúntais atá ag an gcoiste de dhaoine atá ag obair ar phleananna don Ghaelscoil. Chomh maith leis sin chualamar ó Germaine D'Alton agus a dalta Gaeilge, Noah Titus, leaid óg ó Denver Colorado, a bheas ag labhairt linn faoina gcuid ranganna Gaeilge ar líne idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe. Ar deireadh chualamar ó Terence McSweeney mac léinn PhD in Oulu na Fionlainne a bhain scoláireacht Fulbright amach le gairid chun a chuid taighde ar mheaisínfhoghlaim a dhéanamh in Ollscoil California (UCSF)....more31minPlay
June 20, 2023Clár 391 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo chualamar ó Tura Arutura a ghlac páirt sa tsraith imeachtaí ilchultúrtha 'Tradition Now' sa Cheoláras Náisiúnta, é i mbun damhsa ag imeacht dar teideal 'Reflecting Migrations' a léirigh ceol agus damhsa ó imircigh go hÉirinn agus inimircigh a d'fhág Éire. Chomh maith leis sin labhair Joe Simpson linn faoi Fhéile Bróid 2023, a chuid taighde agus go leor eile!...more31minPlay
June 13, 2023Clár 390 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo chualamar ó Nora Hickey M'Sichili agus William Howard linn ón Ionad Cultúrtha Éireannach i bPáras na Fraince a labhair linn faoin 'Fhéile na Smaointí' ar siúl san Ionad an tseachtain seo....more26minPlay
June 06, 2023Clár 389 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Kathryn Ní Mhaoláin linn faoina podchraoladh nua 'Sílim That...', a saol i mBarcelona na Spáinne go dtí le gairid, an 'Sunrise Social', imirt leis an gCumann Luthchleas Gael thar sáile agus go leor eile! Chomh maith leis sin bhí Melissa Murray Figueroa ag labhairt linn ó Connecticut na Stát Aontaithe faoina cuid ceoil agus faoin turas a dhéanfaidh sí go hÉirinn chun na Gaeltachta go luath!....more30minPlay
May 23, 2023Clár 388 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Ailín Ní Chonchúir, Stiúrthóir an Teastais i Múineadh na Gaeilge d'Fhoghlaimeoirí Fásta i Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad linn faoin gcúrsa agus conas clárú dó. Chomh maith leis sin bhí Áine Ní Bheinéid linn le labhairt faoina saol i Melbourne na hAstráile agus faoi phop up Gaeltacht a bheas ar siúl sa chathair go luath....more28minPlay
May 16, 2023Clár 387 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Mary Lou Dunworth, mac léinn de chuid an Dianchúrsa i Scríobh na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad atá lonnaithe i Massachusetts. Chomh maith leis sin bhí Comhordaitheoir na Gaeilge leis an Lárionad Gaeilge san Ollscoil linn le labhairt faoi na deiseanna éagsúla de chúrsaí ar líne atá ann do dhaoine ar fud fad na cruinne atá ag iarraidh cur lena chuid cumas sa Ghaeilge....more31minPlay
April 25, 2023Clár 386 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Siubhán Nic Amhlaoibh linn faoina am i Learpholl Shasana, an píosa a rinne sí le TG4 faoi Staid Anfield agus an pobal Gaelach i Learpholl. Chomh maith leis sin bhí Seán Mac Coisteallaí ag labhairt linn faoin bPop-Up Gaeltacht a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh beag seo in Havertown ar imeall Philadelphia, PA sna Stáit Aontaithe. Ar deireadh ansin chualamar ó Indrik Ois as an Eastóin a d'aistrigh an leabhar Gaeilge 'Madame Lazare' go hEastóinis faoina gcuid oibre ar an aistriúchán, a chuid oibre agus eile....more31minPlay
April 18, 2023Clár 385 - 2023 - Raidió na LifeBhí clár speisialta againn anseo faoin bhFéile Pancheilteach ina raibh Bríde de Róiste ó lucht eagraithe na Féile ag labhairt linn faoi conas mar a d'éirigh leis an bhFéile, na himeachtaí agus comórtais éagsúla a bhí mar chuid de agus go leor eile!...more27minPlay
April 11, 2023Clár 384 - 2023 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhair Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad linn faoi fholúntas do Chúntóir Sinsireach Feidhmiúcháin TEG leis an ollscoil atá ar oscailt i láthair na huaire. Chomh maith leis sin bhí Guinevere Barlow ó Ambasáid na hÉireann i Singapore ag labhairt linn faoi Phop Up Gaeltacht a bhí ag lucht na hAmbasáide ansin le gairid....more34minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.