Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
July 16, 2024Clár 432 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Bríd Anna Ní Bhaoill linn le labhairt faoin gcúrsa blaiseadh Gaeltachta a chomhreachtáil sí féin agus a chomhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste le Gaeil sna Stáit Aontaithe, Seoirsín Ní Mheachair ina measc! Chomh maith leis sin bhí Seán Ó hUltacháin ag labhairt linn faoina chuid ealaíne agus a chuid oibre ar chúrsaí oidhreachta agus filíochta, go háirithe an píosa a rinne sé le déanaí mar cheiliúradh ar Logainmneacha Gaidhlige, dar teideal Glasraighe....more26minPlay
July 09, 2024Clár 431 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí an Feisire nuathofa Cynthia Ní Mhurchú linn le labhairt faoi thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, torthaí na dtoghchán agus a cuid pleananna dá tréimhse mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa! Chomh maith leis sin bhí Ciarán Mac Guill linn ón ngrúpa Gaeltacht sur Seine le labhairt faoi cheiliúrdh 15 bliana den ghrúpa agus torthaí toghchán uachtaránachta na Fraince....more30minPlay
July 02, 2024Clár 430 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Hannah Ní Dhoimhín, Bainisteoir Dréimire, eagraíocht dírithe ar Sheirbhísí Teanga a chur ar fáil ar fud na cruinne, linn le labhairt faoina bhfuil i gceist le Dréimire agus faoin seoladh a hoifige nua a bhí acu sa Phota café ar an Tulach i gConamara an tseachtain seo caite. Chomh maith leis sin bhí Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin ag labhairt linn faoin scoláireacht de chuid Fondúireacht Ollscoil Éireann Ceanada a bronnadh uirthi chun an Ghaeilge a theagasc i dToronto, Ceanada!...more25minPlay
June 25, 2024Clár 429 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo, bhí Lorna Johnson beo i stiúideó Raidió na Life linn le labhairt faoina turas ón Nua Shéalainn go hÉirinn i láthair na huaire, cúrsaí polaitíochta na Nua-Shéalainne agus a turas leis an nGaeilge. Chomh maith leis sin bhí an Feisire nua-aththofa Seán Kelly MEP linn le labhairt faoi thoghcháin Pharlaimint na hEorpa le gairid, torthaí na dtoghchán agus a chuid pleananna dá chéad tréimhse eile mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa....more28minPlay
June 18, 2024Clár 428 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo, chualamar haidhcú dar teideal "Santōka: A Bhealach Féin" ón scríbhneoir agus Stiúrthóir Imram, Liam Carson a léirigh an haidhcú úd mar chuid d'Fhéile na Gealaí le gairid. Chomh maith leis sin cloisfimid ó Molly Nic Céille faoina turas go Bostún do Phop-Up Gaeltacht leis an Irish Network Boston ansin le gairid agus a cuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn trína gcainéil ar na meáin shóisialta 'Gaeilge i mo chroí'....more26minPlay
May 28, 2024Clár 427 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Patrick O'Leary, Cláraitheoir Ollscoil na hÉireann ag labhairt linn faoi léacht a thug an Dr Katriona O'Sullivan san ollscoil an tseachtain seo caite agus eile! Chomh maith leis sin cloisfimid cuid den chéad díospóireacht poiblí Gaeilge i bParlaimint na hEorpa a reachtáladh le gairid agus ar roinneadh taifead leis i rith na míosa....more26minPlay
May 21, 2024Clár 426 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Ùdarás na Gaeltachta ag caint linn faoi phainéal cainte ar ghlac sé páirt ann faoi thionchar na hintleachta saorga ar chùrsaí oibre i Stanford California le gairid. Chomh maith leis sin bhí Caoimhe Glas agus Ríoghnach Nic Ainmhire ó Choiste Craiceáilte Charn Tochair i nDoire linn le labhairt faoin oíche 'Biongó Lócó' a bheas acu chun airgead a thiomsú do mhuintir na Palaistíne....more27minPlay
May 14, 2024Clár 425 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Jeffrey Sardina ag labhairt linn faoin agóid a bhí ag mic léinn Choláiste na Tríonóide, é féin ina measc, ar son na Palaistíne agus in aghaidh na nascanna atá ag an ollscoil le hIosrael, i measc eile. Labhraíomar freisin faoi na Toghcháin Eorpacha a mbeidh deis ag muintir na hÉireann vóta a chaitheamh iontu ar an 7 Meitheamh....more26minPlay
May 07, 2024Clár 425 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Hannah Mac Dermott ag labhairt linn ón ngrúpa Irish Bloc Beirlín faoin gcosc a cuireadh orthu Gaeilge a labhairt ag agóid ar son na Palaistíne i gcathair na Gearmáine, cad atá tar éis titim amach don ghrúpa ó shin agus na himpleachtaí móra a bhaineann leis an méid a tharla. Chomh maith leis sin cloisfimid beagán den phainéal cainte a bhí ar siúl mar chuid de Lá Mór na Gaeilge le gairid i mBaile Átha Cliath maidir le cás na Palaistíne agus beagán ceoil uaidh!...more26minPlay
April 30, 2024Clár 424 - 2024 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Caitríona Irving, a chónaigh in áiteanna éagsúla timpeall ar na Stáit Aontaithe i rith a saoil agus Nollaig Bonar, a chaith am san Albain in Oileán an Phrionsa Edward agus linn ó Chalifornia agus Èirinn, le labhairt linn faoina dturais ag cur lena gcuid Gaeilge agus ag reachtáil ciorcal comhrá trasAtlantach!...more26minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.