Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
July 17, 2018Clár 187 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí agallamh speisialta a rinne mé i gConnecticut na Stát Aontaithe le Pól Ferris as Nua-Gheirsí agus muid ag Lá Gaeilge sa Gaelic-American Club CT cúpla seachtain ó shin! Chomh maith leis sin bhí Príomhaoire agus Aire Stáit Joe McHugh TD linn le labhairt faoin maoiniú a thabharfar le tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh go luath....more26minPlay
June 19, 2018Clár 186 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Eithne Dunbarra linn faoi thuras a ghlac sí timpeall ar Thalamh an Éisc Ceanada le déanaí le grúpa Gael, ansin bhí John Prendergast linn le hinsint dúinn faoina scoláireacht Fulbright agus an bhliain a chaithfidh sé in Ollscoil Notre Dame....more27minPlay
June 12, 2018Clár 185 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin oíche chéiliúrtha a bhí ar siúl in Áras Ambasadóir na Stát Aontaithe le déanaí. Chomh maith leis sin cloisfimid ó Jill Mc Mahon as Fiacail Co an Chláir agus í ag labhairt faoin scoláireacht Fulbright a bronnadh uirthi le déanaí le dul chun na Stáit Aontaithe mí Lúnasa....more26minPlay
June 05, 2018Clár 184 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Emer Nic Labhraí linn faoina seal ar scoláireacht ICUF i Montreal, Ceanada go dtí seo agus faoin mbliain eile atá amach roimpi sall. Chomh maith leis sin chualamar ó Peter Kavanagh urlabhraí Gaeilge le Green Party Ireland maidir le rialacha nua an Choimisiúin Eorpaigh i dtaobh úsáid plaistigh agus seasamh an Chomhaontais ar an ábhar, agus faoi chúrsaí Gaeilge sa Chomhaontas Glas....more29minPlay
May 29, 2018Clár 183 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann linn faoi fhógairt scoláirí nua Fulbright agus faoi iarratas do chainteoirí TEDxFulbright t.co/yMzuK2xqbX. Chomh maith leis sin bhí Éamon Ó Neachtain ó Chumann Gaeilge na hAstráile linn ag caint faoina gcomóradh 25 Bliana le déanaí...more28minPlay
May 01, 2018Clár 182 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Colmcille Ó Monacháin ó Aonad Aistriúcháin Gaeilge an Choimisiúin Eorpaigh ag labhairt linn faoi fholúntais d'aistritheoirí leis an Aonad agus comórtas d'Aistritheoirí Óga. Chomh maith leis sin bhí Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill ó Chonradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin seó bóthair a rinne sí féin timpeall ar ollscoileanna na tíre le gairid chun eolas a roinnt maidir le deiseanna fostaíochta do dhaoine le Gaeilge....more27minPlay
April 24, 2018Clár 181 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Niamh Ní Chróinín ó Chonradh na Gaeilge linn faoi amhrán Gaeilge Wheatus agus eile ar Ceol 2018 a eiseofar níos déanaí sa bhliain. Chomh maith leis sin bhí Evin Ó Dunaigh ag labhairt linn ó Ghlaschú na hAlban faoin bhfeachtas atá athosaithe chun Gàidhlig a chur ar Duolingo agus faoi Chonradh Na Gaeilge Glaschú....more27minPlay
April 17, 2018Clár 180 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Noelle O'Connell, Stiúrthóir European Movement Ireland linn faoi Chomhrá Saoránach a bheidh ag EMI i gCo na Mí an tseachtain seo ar #FutureofEurope. Chomh maith leis sin bhí Deirdre Donnelly ag labhairt faoi thuras a ghlac sí go dtí na Stáit Aontaithe le déanaí chun cuairt a thabhairt ar Bhalla Cuimhneacháin Iarshaighdiúirí Vietnam ar a bhfuil ainm a huncaile Bernard Freyne agus eile....more24minPlay
April 10, 2018Clár 179 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Seáinín Mac Conraoi linn faoi chúrsaí Gaeilge i mBrattleboro, Vermont na SAM. Chomh maith leis sin bhí Brent Ó Caiside ag labhairt ó Oulu na Fionlainne faoi cheiliúradh a bhí ansin do Lá le Pádraig is eile mí Márta....more23minPlay
April 03, 2018Clár 178 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Caitríona Weafer linn ó Chathair na n-Aingeal, California faoi dheireadh seachtaine Gaeilge a bheas ar siúl ansin mí Bealtaine lagaeilge.wordpress.com/. Chomh maith leis sin chualamar ó Chuan Ó Seireadáin a bhí thall in Heidelberg na Gearmáine ag casadh ceoil leis an Irish Chamber Orchestra le déanaí....more28minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.