Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
March 20, 2018Clár 177 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Eoin Ó Catháin linn ón mBruiséil faoi chuairteanna an Taoisigh ar na Stáit Aontaithe an tseachtain seo caite agus ar an nGearmáin inniu, agus faoin a alt féin san Irish Times. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne mé le Niamh Nic Leoid le deireanas faoi Chomhdháil na Mac Léinn Ceilteach a bhí ar siúl in Ollscoil Dhún Éideannwww.irishtimes.com/news/education/…irish-1.3415719...more29minPlay
March 13, 2018Clár 176 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair James McDonald linn ó Londain Shasana faoin bhféile Gaelic Voices mí Bealtaine 2018, Pop Up Gaeltacht Londain agus eile. Chomh maith leis sin bhí an Palaistíneach Philip Zoghbi ag caint linn ó Montreal Ceanada faoina thaithí ag foghlaim na teanga, amhránaíocht ar an sean-nós is eile!...more23minPlay
March 06, 2018Clár 175 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár bhí Niamh Nic Leoid ag caint linn faoi Chomhdháil na Mac Léinn Ceilteach a bhí ar siúl in Ollscoil Dhún Éideann ag an deireadh seachtaine agus bhí Meabh Nic Allastair linn le labhairt faoin ngrúpa "Gael-babies" agus bunú craobh de Conradh Gaeilge i Londain....more26minPlay
February 20, 2018Clár 174 - 2018 - Raidió na LifeBhí Natália Uí Fhaoláin ag labhairt linn faoi chás Lula agus toghchán uachtarántachta na Brasaíle a bheas ar siúl mí Dheireadh Fómhair agus bhí Síobhra Aiken ag caint linn faoi thuras Chumann Iarscoláirí Fulbright na hÉireann go OÉ Gaillimh mí Márta - do thaispeántas nua ar Mháirtín Ó Díreáin, turas go hInis Mór, oíche sa Taibhdhearc agus eile....more26minPlay
February 06, 2018Clár 173 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Barra Ó Scannláin linn ón bhFrainc faoin méid atá ar siúl aige ansin agus faoi bhua fhoireann rugbaí na hÉireann sa Stade de France ag an deireadh seachtaine. Chomh maith leis sin labhair iarchraoltóir RnL, Sarah Ní Mháirtín atá anois ag obair sa Bhruiséil, linn faoi dhaoine thar sáile ag filleadh go hÉirinn chun vóta a chaitheamh, na cearta atá acu agus eile!...more25minPlay
January 30, 2018Clár 172 - 2018 - Raidió na LifeOíche speisialta a bhí anseo i Raidió na Life leis an Taoiseach Leo Varadkar T.D. ar chuairt!...bhí Ian Mac Gabhann linn ag labhairt faoin ráth a bhí ar an bhfeachtas Trasna na dTonnta #TrasnaNadTonnta agus faoi chomórtais ICUF www.icuf.ie do theagascóirí Gaeilge le múineadh i gCeanada atá oscailte anois! Chomh maith leis sin cloisfimid ó Ben Ó Ceallaigh a thug caint ar a chuid taighde ar mhionteangacha agus an domhandú Dé Sathairn san Irish Cultural Centre of New England....more22minPlay
January 23, 2018Clár 171 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo cloisfear mír a rinne mé le hAire Stáit agus Príomhaoire Joe McHugh agus Mícheál Ó Conaire ón Roinn Cultúir Oidhreachta is Gaeltachta ag an seoladh de MOOC, Fáilte ar líne. Chomh maith leis sin labhair mé le Síle Concannon faoi chonas mar atá ag éirí leis an bhfeachtas #trasnanadtonnta...more28minPlay
January 16, 2018Clár 170 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Paula Melvin ó Fulbright linn faoi scoláireachtaí Gaeltachta do Mheiriceánaigh chun cúrsaí Gaeilge a dhéanamh in Éirinn. http://www.fulbright.ie/coming-to-ireland/us-gaeltacht-awards/ . Chomh maith leis sin bhí Klara Charlton agus Dan Lydon ó Brattleboro, Vermont ag caint linn faoin drochaimsir agus imeachtaí Gaelacha ansin!...more32minPlay
January 24, 2017Clár 136 - 2017 - Raidió na LifeClár speisialta a bhí anseo ar Insealbhú Uachtarántachta na Stát Aontaithe 2017 agus an t-Uachtarán nua. Chualamar ó bheirt atá ar scoláireachtaí #Fulbright- Ian Pádraig Mac Carlúis in Washington DC agus Niamh Nic Leoid atá lonnaithe san Oirthuaisceart i gConnecticut. Chomh maith leis sin bhí tuairisc bheo againn ón agóid in aghaidh an uachtaráin nua i mBÁC Dé hAoine, lá an insealbhaithe le Sara McNamara....more32minPlay
January 17, 2017Clár 135 - 2017 - Raidió na LifeAr an gclár seo chualamar ó Dhónall Ó Dubhghaill in Ottawa Ceanada faoi Chomhaltas Ceoltóirí Ottawa agus ó Greg Darwin, mac léinn dochtúireachta ag Ollscoil faoina chuid taighde dochtúireachta, faoi chúrsaí Gaeilge i Massachusetts agus faoi insealbhú Trump. Ar deireadh chualamar ó Noelle O'Connell, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn #EMI faoi fholúntas poist atá acu faoi láthair....more30minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.