Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
October 02, 2018Clár 197 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí an scríbhneoir agus an t-acadóir aitheanta Seiceach Radvan Markus ag labhairt linn faoin Oíche Chultúrtha agus Cheiliúrtha de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh i gCarna na Gaillimhe ar an 4 D.Fómhair 2018. Chomh maith leis sin bhí Lonán Ó Lorgnáin ag labhairt linn ó Melbourne na hAstráile faoi chomhphobal úr ar Skype do dhaoine le Gaeilge timpeall na cruinne. Is féidir páirt a ghlacadh ag: join.skype.com/invite/HNQndeyrzcgT...more26minPlay
September 25, 2018Clár 196 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Sinéad Ní Ráinne linn ó Europus le labhairt linn faoin Dioplóma Iarchéime i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúcháin le Europus, GMIT agus Údarás na Gaeltachta. Chomh maith leis sin bhí Deirdre Ní Cheallacháin, a bhí mar Attaché le Comhairle na hEorpa ar son na hÉireann i Strasbourg go dtí le déanaí, ag labhairt linn faoin gComhairle agus faoi Lá Eorpach na dTeangacha a bheidh ar siúl ar an 26 Meán Fómhair, air seo lá ceiliúrtha 25 Bliain ar Aer do Raidió na Life!...more28minPlay
September 18, 2018Clár 195 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Ray Yeates, Oifigeach Ealaíon le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath linn faoi na himeachtaí éagsúla idirnáisiúnta a bheas ar siúl mar chuid den Oíche Chultúir ar an 21 Meán Fómhair 2018 i mBÁC. Chomh maith leis sin bhí Shanna Ní Rabhartaigh ó Aonad na Gaeilge i gCoimisiún na hEorpa linn le labhairt faoi dheiseanna d'aistritheoirí Gaeilge leis an gCoimisiún agus obair uile an Aonaid....more29minPlay
September 04, 2018Clár 194 - 2018 - Raidió na LifeBhí an dara cuid den agallamh a rinne mé le Panu Höglund ó Turku na Fionlainne ar an gclár seo agus é i mbun cainte faoina gcuid leabhar, an cultúr Gaelach san Fhionlainn agus eile. Chomh maith leis sin labhair Síne Nic an Ailí, Stiúrthóir Cultúr Club de chuid Chonradh na Gaeilge linn faoin obair atá idir lámha anois mar chuid den Chlub - acmhainní nua do theagasc na Gaeilge do pháistí thar sáile san áireamh....more27minPlay
August 28, 2018Clár 193 - 2018 - Raidió na LifeBhí Panu Höglund ó Turku na Fionlainne ar an gclár seo faoina leabhar nua Gaeilge "Tine sa Chácóin" agus eile. Chomh maith leis sin bhí Deirdre NicChárthaigh agus Brendan Kane ag labhairt faoi www.léamh.org - suíomh le hachmhainní d'fhoghlaimeoirí agus d'úsáideoirí na Nua-Ghaeilge Moiche agus ceardlann a thug siad beirt faoi ag comhdháil in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le déanaí....more29minPlay
August 21, 2018Clár 192 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár bhí Kaytria Stauffer as Nua Eabhrac, a oibríonn ar Irish Language Learners ag labhairt linn faoin ngrúpa agus faoin am atá caite aici an samhradh seo i gColáiste na Rinne.Chomh maith leis sin chualamar ó Ghráinne Ní Ghillín a bheidh mar láithreoir ar an bpainéal cainte "Pobail Laistigh de Phobail" mar chuid de Liú Lúnasa sa Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus faoi chúpla imeacht eile a bheas ar siúl mar chuid den Fhéile i mbliana....more26minPlay
August 14, 2018Clár 191 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí an t-Ollamh Kevin Scannel ó Ollscoil St. Louis, Missouri na Stát Aontaithe linn ag labhairt faoin díospóireacht painéil ar an nGaeilge a mbeidh sé ag glacadh páirte ann in UC Berkeley i gCalifornia mí Mheán Fómhair - bit.ly/2MKE21c. Chomh maith leis sin bhí Oifigeach na Gaeilge COBÁC, Clár Ní Bhuachalla ó Bord na Gaeilge, COBÁC ag labhairt linn faoi Scoil Samhraidh 2018 a bhí ar siúl mí Lúnasa le daoine ó áiteanna ar fud na cruinne ag freastal air....more27minPlay
August 07, 2018Clár 190 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí eagarthóir úr IrishCentral.com agus iarthuairisceoir Raidió na Life, Fran Mulraney linn le labhairt faoina ról nua! Chomh maith leis sin bhí stiúrthóir Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn Noelle O'Connell ag labhairt linn faoi obair éagsúil EMI na laethanta seo, folúntais poist agus cúrsaí Breatimeachta....more25minPlay
July 31, 2018Clár 189 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Kilian Mac Donagh linn faoin ngrúpa na Gaeil i gCein i mBruiséil na Belige agus na himeachtaí éagsúla a bhíonn ar siúl acu. Chomh maith leis sin chualamar ó Aindriú Ó Ciardha faoina saol idir Ohio agus Connecticut na Stát Aontaithe agus na Gaeil iontacha i gCT agus ar deireadh labhraíomar leis an Dr Liam Ó hAisbéil ó choiste Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge 2018 faoi chainteoirí agus ábhair na comhdhála i mbliana ón 5-6 D.Fómhair....more25minPlay
July 24, 2018Clár 188 - 2018 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair mé le mo chomh chraoltóir i RnL, Ola Majekodunmi faoin bhfíseán iontach seo a rinne sí do #iamIrish youtu.be/EqWKR7eq-CQ . Chomh maith leis sin chualamar ón scríbhneoir Alex Hijmans sa Bhrasaíl faoin alt a scríobh sé ar Tuairisc.ie le gairid faoi fhógairt Cois Life go mbeidh an comhlacht ag éirí as an obair ag deireadh na bliana seo chugainn....more24minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.