[English version below]
Is éard atá sa chnuasach seo ná scéalta faoi mhná láidre a mbíonn orthu streachailt in éadan a ndíchumhachtaithe i saol nach bhfuil i gcónaí ceart ná cóir. Tá uaillmhian na saoirse le feiceáil sna mná atá sna scéalta seo; tallanna dochloíte na beatha a thugann orthu troid ar son a saoirse agus a neamhspleáchais.
Foréigean, fealladh, dealús, imirce - tá na nithe sin go léir sna scéalta agus gach scéal tiomáinte ag tuiscint ghéar ar an daonnacht agus ar an ngrá atá i gcroílár gach carachtair. Tá na scéalta curtha i láthair i nguth fileata a thugann le fios go bhfuil i gcónaí níos mó ag tarlú ná mar a fheictear ar an gcéad amharc.
Láithreoir: Róisín Adams
Aíonna: Cathal Póirtéir agus Mairéad Ní Nuadháin
[Leagan Gaeilge thuas]
Within this collection are stories of strong women who have to struggle against their own powerlessness in a world that is not always fair or just. The women in these stories all aspire to freedom, their unvanquishable thirst for life spurring them on as they strive for independence.
Violence, betrayal, destitution, emigration - they are all to be found in these stories, and each story is driven by a keen understanding of the humanity and the love at the centre of each character. The stories are told in a poetic voice that shows that there is always more going on than one sees at first glance.
Presenter: Róisín Adams
Guests: Cathal Póirtéir and Mairéad Ní Nuadháin