[English version below]
Guth nua liteartha ar an bhfód is ea Colm Ó Ceallacháin - seo é an chéad chnuasach gearrscéalta uaidh. Ní mar a shíltear a bhítear. An é sin an Pápa a fheicimid ag comhrá le beirt bhuachaillí le linn a chamchuairt ar Éirinn in 1979? Nó an cuairteoirí ó phláinéad eile iad siúd atá ag caitheamh laethanta saoire cois trá? Tá pearsana sa chnuasach seo ag fás aníos is ag teacht in inmhe. Tá carachtair eile ag druidim le saol na díchuimhne agus speabhraídí na seanaoise ag breith orthu. Táimid dár bhfuadach de shíor as an saol seo, ach i scéal amháin is é an litir 'i' féin atá fuadaithe, le filleadh ina táinte sa chéad scéal eile. Tá sí searbh ar uairibh, ach ní mór dúinn rince go clabhsúr mar sin féin, i dtír mhilis seo na mbeo.
Láithreoir: Seán Ó Catháin
Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Róisín Adams
[Leagan Gaeilge thuas]
This is the first collection of short stories from Colm Ó Ceallacháin, a new voice on the Irish language literary scene. Things are not always as they seem, however. Is it the Pope we see chatting to two young boys during his tour of Ireland in 1979? Or visitors from another planet on holidays at the beach?
Certain characters develop and flourish while others descend into obscurity as old age catches up with them. Though bitter at times, we must soldier on during this sweet journey that we call life.
Presenter: Seán Ó Catháin
Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Róisín Adams