D'inis Patsy Ó Cualáin ó Chomhairle Cheantar na nOileán agus Marie Ní Chualáin Bainisteoir Spórtlann Naomh Anna dúinn faoi leagan amach na bliana seo ar Rasaí Cheantar na nOileán.
Is as Baile an Domhnalláin é Séan, fear a chaith a shaol mar mhúinteoir scoile agus mar pholaiteoir, fear a bhfuil an-suim aige i gcúrsaí peile agus iomána, staire agus gailf. Labhair sé le Treasa Bhreathnach faoin shaol.
Beidh neart cluichí móra ar siúl an deireadh seachtaine seo ag fóirne CLG Chonamara, na hOileáin Árainn agus Maigh Eo. Tá an scéal uilig ag Paddy dúinn.
Tá mí-shástacht léirithe ag Feirmeoirí Aontaithe Éireann faoi na buiséid atá foilsithe chun plean Chomhairle Comhairliúcháin ar Athrú Aeráide a chur i gcrích.
Labhraíonn sé faoin taighde atá ar bun acu faoi thrasplandú duáin agus an chaoi go bhfuil siad ag baint úsáid as an ngéineolaíocht agus an meáisínfhoghlaim chun tuar a dhéanamh ar an toradh a bheadh ag trasphlandú duáin.
Sa mhír rialta seo, cuireann Caomhán síos ar roinnt de na pictiúirí sa nGailearaí a bhaineann leis an Iarthar. An tseachtain seo d'inis sé dhúinn faoin dtaispeántas "Picturing People" atá ar siúl sa nGailearaí Náisiúnta.