Tá na céadta teaghlach i nGaillimh agus ar fud an iarthair atá i dteidteal cúram baile a fháil ach níl siad ag fáil an chúraim atá uathu mar gheall go bhfuil sé ag dul rite le Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus comhlachtaí a chuireann cúram baile príobháideach ar fáil, cúramóirí a earcú.
Beidh Éigse Dharach Uí Chatháin ar siúl i Rath Chairn an deireadh seachtaine seo. Déanann Bríd Óg cur síos ar an leagan amach a bheidh ar fhéile na bliana seo.
Don chéad uair riamh tá Oifigeach Gaeilge ceaptha ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Is í Caroline Ní Fhlatharta a bheidh ag dul i mbun dualgas sa bpost nua.
Seachtain Náisiúnta Beathú Cíche atá ann an tseachtain seo. Tá mac óg sé mhí d'aois ag Sadhbh. Tugann sé eolas dúinn faoin ngrúpa tacaíochta La Leche League Ireland a thugann cúnaimh do Mháithreacha nua.
Reachtálfar agóid i mBaile Átha Cliath amárach agus é i gceist ag na húinéirí tí le bricí lochtacha ina dtithe a theacht le chéile arís chun éileamh a dhéanamh ar an rialtas cúiteamh 100% de na costaisí aththógála a chlúdú sa scéim chúitimh.
Thug stiúrthóir an Ionaid Gateway i mBéal a’Mhuirthid, Enda Brogan, le fios go bhfuil sé i gceist aige an tIonad a dhúnadh Dé Domhnaigh seo chugainn mar gheall ar chostaisí árachais a bheith goite in airde.
D’fhógair Oireachtas na Gaeilge i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta inné. Don dara bhliain as a chéile tá Gradam Reics Carló buaite ag an teach foilsitheachta ‘Futa Fata’ do leabhar dá gcuid do dhaoine óga……‘Cluasa Capaill ar an Rí’ le Bridget Bhreathnach.
Bronnadh Gradam Idirnáisiúnta ar Chomharchumann Fuinneamh Oileáin Árann le gairid mar gheall ar an gcaoi a bhfuil siad ag cur fuinnimh in athnuaite chun cinn ar na hOileáin.