Mar chuid den tseachtain feasachta meabhairshláinte, tá feachtas nua seolta ag Comhairle na nÓg chun aird a dhíriú ar na tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine óga. Tá Eimear ina ball do Chomhairle na nÓg i gContae na Gaillimhe agus tá sí le cloisteáil sa bhfógra raidió atá seolta mar chuid den fheachtas.