Tá coiste irisleabhar Iorras Aithneach ag tosú ag réiteach le hIrisleabhar na bliana seo a chur i gcló. Tá siad ag lorg pictiúir don irisleabhar arís i mbliana.
Táthar ag díriú airde ar chúrsaí sábháilteachta ar bhóithrí an tseachtain seo. Tá Mickey ag cur comhairle ar dhaoine faoi céard is ceart do thiománaithe a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil a gcarr sábháilte an geimhreadh seo.
Beidh gleoiteogaí, leathbháid agus currachaí as Conamara le feiceáil sa scannán 'The Banshees of Inisheerin' amach anseo. Bhí lucht na mbád ag taifead in Acaill an tseachtain seo caite.
Múinteoir Tíos a bhí i Máirín agus tá leabhra go leor scríofta aici agus is minic a bhíodh sí le feiceáil ar chláracha teilifíse agus le cloisteáil ar an raidió. Thug Fionnuala cuairt uirthi sa mbaile in Orán Mór.
Muintir na Gaeltachta ag agóidíocht taobh amuigh de Dháil Éireann inné mar gheall ar dheacrachtaí pleanála sna Gaeltachtaí. Bhí ár dtuairisceoir Marcus Mac Conghail i láthair.
Tá Ionad Sláinte Charna théis teanndáileog a thabhairt do 'chuile dhuine sa Teach Altranais i gCarna ón lá inné agus teanndáileog curtha ar fáil don phobal os cionn 80 bliain d’aois freisin.