Cheistnigh an Seanadóir Seán Kyne an tAire Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta, Malcolm Noonan sa Seanad inné faoin laghad maoinithe a fhaghann Comhairle Contae na Gaillimhe ón rialtas láir i gcomparáid le rialtais áitiúil eile.
Tá sé i gceist go mbeidh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna dá fhorbairt mar Ionad Diaspóra Gaeltachta. Beidh Údarás na Gaeltachta i gcompháirtíocht le tionscnaimh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus le dreamanna eile san obair seo.
Beidh cruinniú ag an rialtas Dé hAoine agus táthar dóchasach go bhfógrófar tar éis an chruinnithe go mbeidh laghdú mór le déanamh ar na srianta sláinte. Ceaptar gur inniu a fhoilseofar na moltaí atá déanta ag Fáilte Éireann leis an earnáil fáilteachais a oscailt arís. Tá barúil mhaith céard a bheidh sna moltaí sin agus thug Paul a thuairim futhú.
Tá dréachtphlean forbartha Chontae na Gaillimhe do na blianta 2022 go 2028 foilsithe. Tá go dtí deireadh mhí Iúil ag daoine aighneachtaí a chur isteach faoin méid atá sa ndréachtphlean. Thug Cóilín léargas ginearálta dúinn faoin méid atá sa gcáipéis.
Bhí agóid ar siúl inné taobh amuigh d'Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh ag cur in aghaidh na srianta atá i bhfeidhm san aonad máithreachais ansin. Labhair ár dtuairisceoir Treasa Bhreathnach le cuid den dream a bhí i láthair ag an agóid.
Socraíodh ag cruinniú de Bhord Stiúrtha Oireachtas na Gaeilge inné nach leanfaí ar aghaidh le hullmhúcháin do ghnáthfhéile Oireachtais i gCill Áirne mar a bhí beartaithe, de bharr na héigeannteachta a bhaineann leis na rialacháin a bheidh i bhfeidhm i mí na Samhna i mbliana i dtaca le ceansú an víreas corónach.
Cheistnigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris sa Dáil Déardaoin seo caite faoin laghad cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil trí Ghaeilge in Ollscoileanna na tíre.