Tá an-tóir anois ar theiripe ocsaigine i measc daoine atá ag teacht acu fhéin ó Covid 19. Tá seirbhís den chineál seo ar fáil i nGaillimh agus bhain Bernie triail as le gairid.
Tá sí in Inis Meáin go ceann míosa ag bailiú eolais faoi na nósanna agus na traidisiúin atá ar an oileán a bhaineann le Naomh Bríd agus Lá 'le Bríde. Bhreá léi cloistéail ó mhuintir an oileáin má tá aon eolas acub.
D'fhógair Aer Lingus inné go bhfuil a mbunáit in Aerfort na Sionainne á dhúnadh acu. Pléitear an tionchar a bheas ag an gcinneadh seo ar réigiún an Iarthair agus ar Chathair na Gaillimhe.
Is í Orla duine de na húdair ar staidéar nua ag breathnú ar an tionchar eacnamaíochta nó costas do dhaoine le ME/CFS. Labhair sí faoin taighde seo agus a taithí féin a bheith ag maireachtáil le ME.
Tá scoláirí na hidirbhliana i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag eagrú bailiúchán éadaigh agus earraí tí ar mhaithe le Cumann Naomh Uinseann de Pól inniu ag Halla Éinne ar an gCeathrú Rua.
Inniu an lá deireanach ag Mary G Ní Fhátharta ag obair linn sa Raidió. Thosaigh Mary ag obair anseo thart ar an mbliain 1975. Bhí sí ag obair mar rúnaí, agus ansin ón mbliain 2000 mar Riarthóir (Rúnaí an Cheannaire). Guímid gach rath uirthi.
Aip nua tuairiscithe á sheoladh ag Grúpa Faire na Míolta Móra agus na nDeilfeanna. Beidh an uirlis taifeadta bhitheolaíochta chumhachtach seo á seoladh ag an IWDG ar an 22 Bealtaine.
Tá seiminéar á reachtáil ag Udarás na Gaeltachta maidin amárach agus arú amárach ag diriú ar ionaid chuairteoirí sa nGaeltacht agus an bealach is fearr leis na hionaid seo a fhorbairt.