Chuir an comhlacht ‘Great Western Railway’ tús le obair athchóirithe ar an sean stáisiún traenach ar an Teach Dóite ag tús na bliana seo caite. Rinne Peter cur síos ar an dul chun cinn atáthar a dhéanamh leis an togra.
Tá seisiún eolais faoi na deontais atá ar fáil d’uinéirí tí eagraithe ag Comharchumann Fuinneamh Oileáin Árann Teo, i gcomhair le Údarás na Gaeltachta. Beidh an séisiún eolais ar siúl tráthnóna inniu.
Is birth doula í Áine agus labhrann sí faoin agóid a bheidh ag an Irish Birth Movement Dé Luain ag Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh faoi na srianta atá ar pháirtnéirí a bheith in éindí leis na máthaireacha.
Seachtain Idirnáisiúnta na Cóitseála an tseachtain seo agus don chéad uair riamh, Dé Domhnaigh, beidh seisiún i nGaeilge le cóitseálaithe saoil mar chuid de.
Tá ‘Bounce Back Recycling’ mar chuid d’fheachtas náisiúnta de chuid na heagraíochta Rethink Ireland in iarrachtaí an pobal a spreagadh chun tacú le fiontair sóisialta.