jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yj4puv4y
Covid-19's fortnightly rate seems to be declining.
Laghdú ag teacht ar ráta coicísiúil covid 19, is cosúil.
The fortnightly Covid-19 rate in this country is declining, according to the latest figures from the Health Protection Surveillance Center.
Tá laghdú ag teacht ar an ráta coicísiúil covid 19 sa tír seo, de réir na bhfigiúrí is deireanaí ón Larionad Faire um Chosaint Sláinte.
493 cases for every 100,000 people reported in the fortnight up to Sept. 1, it said.
493 cás in aghaidh gach 100,000 duine a tuairiscíodh sa choicís suas go dtí an 1 Meán Fómhair, a dúradh.
There had been 532 cases in the previous two weeks.
532 cás a bhí ann i gcaitheamh na coicíse roimhe sin.
On the contrary, however, the European Center for Disease Prevention and Control has released various figures, which, they say, were reported last week.
Os a choinne sin, áfach, tá figiúrí éagsúla eisithe ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, figiúirí, a deir siad, a tuairiscíodh an tseachtain seo caite.
According to their figures, the fortnightly Covid-19 rate per 100,000 people in Ireland was the highest in Europe at one point last week.
De réir a gcuid figiúirí siúd, bhí an ráta coicísiúil covid 19 in aghaidh gach 100,000 duine in Éirinn ar an ráta ab airde san Eoraip ag tráth amháin an tseachtain seo caite.
504.11 Covid-19 cases per 100,000 people in the State reported at that time, it said.
504.11 cás covid 19 in aghaidh gach 100,000 duine sa Stát a tuairiscíodh an tráth sin, a dúradh.
Cyprus was closest to us, where 496.1 cases per 100,000 people were reported in the same fortnight.
Ba í an Chipir ba ghaire dúinn, mar ar tuairiscíodh 496.1 cás in aghaidh gach 100,000 duine i gcaitheamh na coicíse céanna.
It was up to 7.7 cases per 100,000 people in Poland, the lowest rate in Europe.
B'in i gconchlann le 7.7 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa Pholainn, arbh é an ráta ab ísle san Eoraip é.
The European Center also reported 6.65 deaths per 100,000 people in Ireland.
Thuairiscigh an Lárionad Eorpach freisin 6.65 bás in aghaidh gach 100,000 duine in Éirinn.
People who had Covid-19 died but it was not necessarily the cause of death.
Daoine a raibh covid 19 orthu an dream a cailleadh ach ní gá gurbh é an galar ba thrúig bháis dóibh.
Bulgaria was worse off than any other country in Europe, reporting 55.67 deaths per 100,000 people in that fortnight.
Ba mheasa an Bhulgáir ná aon tír eile san Eoraip, mar ar tuairiscíodh 55.67 bás in aghaidh gach 100,000 duine sa choicís sin.
It was also announced today that 353 people with Covid-19 are in hospitals in this country, ten more than yesterday.
Fógraíodh inniu chomh maith go bhfuil 353 duine le covid 19 in ospidéil na tíre seo, sin deichniúr níos mó ná inné.
59 of them are in intensive care units.
Tá 59 acu in aonaid dianchúraim.
It has been confirmed that 89% of people aged eighteen or over are fully vaccinated.
Dearbhaíodh go bhfuil 89 faoin gcéad de dhaoine atá ocht mbliana déag nó os a chionn sin iomlán vacsaínithe.
82% of people aged twelve or over are fully vaccinated, it said.
82 faoin gcéad de dhaoine atá dhá bhliain déag nó os a chionn sin atá iomlán vacsaínithe, a dúradh.
6.87 million doses of various vaccines have been dispensed to date.
Tá 6.87 milliún dáileog de vacsaíní éagsúla tugtha amach go nuige seo.