jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yxrnls4t
"Údarás na Gaeltachta 's Understanding of Language Planning Officers".
"Tuiscint ag Údarás na Gaeltachta dOifigigh Pleanála Teanga".
North West Reporter. Chief Executive of. Said that the Language Planning Officers in the Gaeltacht depend not only on the community in which they are based but on co - operation from the State sector as well as the provision of services in Irish.
Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh go bhfuil na hOifigigh Pleanála Teanga sa Ghaeltacht ag brath ní amháin ar an phobal ina bhfuil siad ach ar chomhoibriú ón earnáil Stáit chomh maith le go mbeadh seirbhísí i nGaeilge ann.
Without this co-operation, he said, it is extremely difficult to have Irish- speaking communities.
Gan an comhoibriú seo, a dúirt sé, tá sé thar a bheith deacair go mbeadh pobail labhartha Gaeilge ann.
Mícheál Ó hÉanaigh was commenting on a statement from Language Planning Officers expressing dissatisfaction that amendments to the Language Bill aimed at ensuring that a full Irish language service was available from the State were disallowed.
Ag trácht a bhí Mícheál Ó hÉanaigh ar ráiteas ó Oifigigh Pleanála Teanga a léirigh míshástacht gur dícheadaíodh leasuithe ar an Bhille Teanga a raibh sé mar aidhm acu a chinntiú go mbeadh seirbhís iomlán Ghaeilge ar fáil ón Stát.
In last Friday's statement, the Language Planning Officers stated that they themselves are operating under the Gaeltacht Act 2012, but that that Act is doomed to complete failure if the State is unable to comply with its share.
Sa ráiteas Dé hAoine seo caite, dúirt na hOifigigh Pleanála Teanga gur faoi Acht na Gaeltachta 2012 atá siad féin ag feidhmiú, ach go bhfuil teip iomlán i ndán don Acht sin murar féidir leis an Stát a chuid féin de a chomhlíonadh.
When asked by RTÉ / TG4 News whether the statement shows that the language planners are frustrated, the chief executive acknowledged that there was "a huge challenge ahead for the groups."
Nuair a d’fhiafraigh Nuacht RTÉ/TG4 d’Údarás na Gaeltachta an léiríonn an ráiteas go bhfuil frustrachas ar na pleanálaithe teanga, d’admhaigh an príomhfheidhmeannach go raibh "dúshlán an-mhór roimh na grúpaí."
He highlighted some of the difficulties he said: "There is a certain amount that communities can do, they have a certain amount of control, but they depend on the co - operation of the State sector in order to provide services through Irish. and that has been a difficulty in many Gaeltacht areas over the years.
Tharraing sé aird ar chuid de na deacrachtaí dar leis: "Tá méid áirid is féidir le pobail a dhéanamh, tá méid áirid atá ina smacht acusan, ach tá siad ag brath ar chomhoibriú ón earnáil Stáit ionas go mbeadh seirbhísí á gcur ar fáil thré Ghaeilge agus sin deacracht i go leor ceantracha Gaeltachta thar na blianta.
If State services are not available through the medium of Irish, it is extremely difficult to have Irish speaking communities.
Mura bhfuil seirbhísí Stáit ar fáil tré mheán na Gaeilge, tá sé thar a bheith deacair go mbeadh pobail labhartha Gaeilge agat.
That is an integral part of it, and those Language Planning Officers understand that, we all understand that and I think that that needs to be emphasized.
Sin cuid lárnach de, agus tuigeann na hOifigigh Pleanála Teanga sin, tuigeann muid ar fad é sin agus sílim go bhfuil gá le béim a chur air sin.
The Language Planning Officers and their committees are being made aware of these various needs, and we understand how serious they are about the responsibility and challenge given to them in preparing and implementing plans.
Tá na hOifigigh Pleanála Teanga agus a gcuid coistí á gcur ar an eolas faoi na riachtanais éagsúla seo,