
Sign up to save your podcasts
Or


Tá os cionn 300,000 oibrí san earnáil phoiblí le dhul ar stailc cheithre huaire fichead amárach mar gheall nach bhfuil aon socrú déanta ag an Rialtas faoi chomhaontú nua pá. Dhiúltaigh na ceardchumainn inné do thairiscint an Rialtais, dhul i mbun cainteanna sa gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, féachaint leis an stailc a sheachaint.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá fiosrúchán coiriúil dúnmharaithe dá stiúradh ag na Gardaí faoi thine inar shéalaigh ceathrar go moch ar maidin i dteach in eastáit Choill na Beithe, atá 3 Km amach ó lár Phort Láirge. Ag an tráth seo, ceaptar gur coirloscadh atá i gceist. Áirítear gur bhásaigh beirt dhaoine fásta agus beirt pháistí sa tine agus go bhfuil beirt ghasúr eile go dona tine san ospidéal.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ní léir ag an bpointe seo go mbeidh aon dul as an stailc 24 uair an chloig atá fógartha don lá amárach ag na 300,000 oibrí san earnáil phoiblí — ina measc altraí, dochtúirí, múinteoirí agus stáitseirbhísigh.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Deir Príomh Aire na Breataine Andy Burnham go bhfuil sé ag iarraidh caidrimh níos fearr a chothú leis an Aontas Eorpach. Ag labhairt inné sa bparlaimint i Westminster dúirt an Príomh Aire gur theastaigh comhoibriú ar ábhair air leith le borradh níos fearr a chur faoi eacnamaíocht na tíre.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Clár Iomlán.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Máire De Bhailís.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ní bheidh an Dáil ag suí Dé Céadaoin mar gheall ar an lá stailce san earnáil phoiblí - Tá gnó na gcoistí agus gnó an tSeanaid curtha ar ceal don Chéadaoin chomh maith.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
From the publisher's feed