
Sign up to save your podcasts
Or


Ar léigh tú an leabhar Dúnmhárú ar an Dart le Ruaidhrí Ó Baille riamh? Déanann Alex & Eimear léirmheas air. Éist anseo!
BÁC – NY – Londain – Tóiceo – Corcaigh – tá Pop Up Gaeltachtaí ar siúl ar fua na cruinne! Beidh ceann na míosa seo ar siúl in áit “saghas hipstery’ i mBaile Átha Cliath. Bígí ann!
An bhfuil tú ag féachaint ar aon rud ar Netflix faoi láthair? Tá ár láithreoirí Alex and Deirdre ag féachtaint ar Stranger Things. Éist leis an bplé faoin gclár anseo!
Bhí ár láithreoir Seán i láthair ag Lá na Gaeilge UCD an tseachtain seo. Chaith sé cúpla nóiméad ag labhairt le heagraí an lae Erin Crowley.
An bhfuil tú ag déanamh Gaeilge24 inniu? Nó an bhfuil tú an leanúint #Gaeilge24 ar na meáin shóisialta? Tá 30,000 dalta fud fad na tíre ag glacadh páirte san fheachtas Gaeilge24 inniu. Bhí cúpla nóiméad le spáráil ag Bainisteoir Gaeilge24 Aodhán Ó Deá, le labhairt lenár láithreoir Seán!
An deireadh seachtaine is fearr den bhliain? Cinnte! Bhuail ár láithreoirí Alex, Eimear & Ellen leis na réalta móra ar fad agus scéalta eile ó Oireachtas na Samhna 2017!
Léirmheas seachtainiúil lenár láithreoir Aoibh. An leabhar Testament of Youth atá roghnaithe aici an tseachtain seo!
An ceol nua atá le cloisteáil ar Raidió Rí-Rá an tseachtain seo curtha le chéile ag Ruairí Mac Aodhagáin! #CluasEile
Seo é an dara heagrán den tsraith podchraoltaí de chuid Raidió Rí-Rá. Eiseofar eagrán amháin gach Luan agus déanfar plé ar ábhair shuimiúla, aisteacha atá i mbéal an phobail.
San eagrán seo, pléitear an pósadh. An gcreideann daoine óga sa phósadh go fóill? Ar an bpodchraoladh seo pléifear an t-athrú agus an fhorbairt atá ag teacht ar ár sochaí agus ar na caidreamh idir dhaoine óga ach go háirithe.
Má thaitníonn an podchraoladh seo leat, bí linn arís an tseachtain seo chugainn agus muid ag plé an tionchair atá ag an lucht tionchair orainn. An bhfuilimid ró-ghafa le réaltaí na meán sóisialta?
Agus ná déan dearmad gur féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá 24/7 ag www.rrr.ie
Léirmheas seachtainiúil lenár láithreoir Aoibh. An leabhar Testament of Youth atá roghnaithe aici an tseachtain seo!