
Sign up to save your podcasts
Or


Seo é an chéad eagrán den tsraith podchraoltaí de chuid Raidió Rí-Rá. Eiseofar eagrán amháin gach Luan agus déanfar plé ar ábhair shuimiúla, aisteacha atá i mbéal an phobail.
San eagrán seo, pléitear Food Porn. An gceannaímid bia áirithe toisc go bhfuil sé faiseanta? An gcaithimid an iomarca ama ag cur grianghraf dár mbéilte ar Instagram? An cóir dúinn bheith gafa le Starbucks agus le tósta abhacáid?
Má thaitníonn an podchraoladh seo leat, bí linn arís an tseachtain seo chugainn agus muid ag plé an chláir 13 Reasons Why. An raibh sé de cheart sraith den chineál seo a chraoladh, agus an maith an rud é go mbeidh an dara shéasúr ann?
Oiriúnach do +16
Agus ná déan dearmad gur féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá 24/7 ag www.rrr.ie
Labhraíonn ár láithreoir Máire le Shaylyn Gilheaney atá ag obair mar stílí ar an gclár teilifíse Dancing With The Stars
Léirmheas seachtainiúil lenár láithreoir Aoibh. An leabhar Pygmalion atá roghnaithe aici an tseachtain seo!
Léirmheas seachtainiúil lenár láithreoir Aoibh. An leabhar Gulliver’s Travels atá roghnaithe aici an tseachtain seo!
Léirmheas seachtainiúil lenár láithreoir Aoibh. An leabhar Go Tell it on the Mountain atá roghnaithe aici an tseachtain seo!
Léirmheas seachtainiúil lenár láithreoir Aoibh. An leabhar An Béal Bocht atá roghnaithe aici an tseachtain seo!
Imríonn Cian & Dean ón gclár Gayleoirí cluiche nua! Éist leis an gcraic ar fad anseo!
Foilsíodh an leabhar Proverbs in Irish le déanaí. Tá seanfhocail ann atá álainn, cinn atá brónach agus cinn atá an-ghreannmhar! Chuir Garry Bannister an leabhar le chéile agus labhair sé lenár láithreoir Hugh faoi. Éist anseo!
Tháinig Liam isteach go dtí an stiúideo le labhairt linn faoin obair atá ar siúl aige i gColáiste Lurgan agus bhí am aige amhrán nó dhó a sheinm dúinn chomh maith
Tá Cillian & Niamh ag labhairt faoi na hainmniúcháin do na gradaim Oscars an uair seo! Éist anseo!