Labhraíonn Róisín Adams le Seán faoin méid atá a dhéanamh i mbliana le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Chathail Uí Shandair, duine de na scríbhneoirí is rathúla agus is aitheanta riamh in Éirinn, a scríobh 120 leabhar do pháistí, foilsithe ag An Gúm. Faighimid amach faoi thaispeántas atá ag taisteal ar fud na tíre, sraith raidió agus leathanaigh ar líne ina bhfuil eolas fíorshuimiúil a chur in airde gach lá. Tugann Róisín léargas iontach dúinn ar an údar, an cineál duine a bhí ann agus an tionchar a bhí aige ar litríocht agus léitheoireacht sa tír seo.