Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie... more
FAQs about Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá:How many episodes does Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá have?The podcast currently has 954 episodes available.
January 22, 2021Julie Anne de BrúnLabhraíonn Julie Anne de Brún, múinteoir bunscoile le B.Oid, iarcheim san oideachas speisialta agus máistreacht san ICT, le Seán faoi conas Gaeilge a chur chun cinn ar scoil, sa chlann agus sa phobal. Tugann sí léargas den scoth dúinn ar an dátheangachas agus ilteangachas, oideachas bunscoile, na ceardlanna ceoil 'Colourstrings' a chuireann sí i láthair, a cuid saothar ar líne, an méid atá déanta aici le Gaeilge a chur chun cinn le Gaeilge Mhaigh Chuilinn agus Mother Tongues Ireland agus neart eile. ...more38minPlay
January 15, 2021Donncha Ó MurchúLabhraíonn Donncha Ó Murchú le Seán faoina ról nua mar láithreoir aimsire agus leanúnachais ar TG4. Tugann sé súil siar ar a thaithí agus a shaothar iontach le Molscéal agus mar thráchtaire agus craoltóir spóirt ar an raidió, seal torthúil a chaith sé i Montana agus a aistear iománaíochta le club CLG Cill Mochuda na Crócaigh....more18minPlay
January 15, 2021Darach Ó TuairisgLabhraíonn Darach Ó Tuairisg, stiúrthóir agus bunaitheoir Fíbín, le Seán faoin méid a bhí ar siúl ag Fíbín le bliain anuas (an dráma drive-in Fiach, an dráma meánscoile An Triail agus neart eile). Déanann sé cur síos ar an tsraith is déanaí de Cúla4 ar Scoil atá ag tosú ar TG4, an clár theilifíse Samhlú a chraoladh ar TG4 thar an Nollag agus Is Eolaí Mé, sraith ar a bhfuil leabhar nua a fhoilsiú go luath....more19minPlay
January 15, 2021Emma Ní ChearúilLabhraíonn Emma Ní Chearúil le Seán faoi thogra úr atá idir lámha aici le TG Lurgan agus Urdd Gobaith Cymru. Faighimid amach faoin saothar leathan raidió atá aici le Raidió na Life, a ainmniúchán do Phearsa Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020, a clár nua Ceap Do Shuaimhneas, Meon na mBan (a fuair ainmniúchán do Shraith Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020), Ar Leac Mo Dhoras (a bhain Gradam CRAOL 2020) agus neart eile. Insíonn sí dúinn faoina saothar cruthaitheach agus go leor eile....more30minPlay
January 15, 2021Richie ConroyLabhraíonn Richie Conroy le Seán faoina ról nua mar Scríbhneoir Cónaithe le Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU. Insíonn sé do Sheán faoina úrscéal Dialann Emily Porter: An Jailtacht agus an dara leabhar sa tsraith Dialann Emily Porter: Thíos Seal, Thuas Seal a bhuaigh gradam i gComórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge i 2020. Tugann sé léargas dúinn ar an réimse leathan scripteanna a scríofa aige do scannáin agus cláir theilifíse ar nós Two By Two, Two By Two: Overboard agus Fran: Assistant Manager, agus go leor eile....more25minPlay
January 09, 2021Rúin AthbhlianaInsíonn Ciara Ní É, Sinéad Ní Uallacháin, Cian Ó Dubhshláine, Caoimhe Ní Chathail, Colm Mac Gearailt, Matt Ó Baoill, Róisín Seoighe, Doireann Ní Ghlacáin, Áine Ní Bhreasláin, Ola Majekodunmi, Eoin Ó Dubhghaill, Cárthach Bán Breathnach, Kitty Ní Houlihan, Eoin McEvoy, Mícheál Ó Ciaraidh agus Muireann Nic Amhlaoibh dúinn faoi na rúin athbhliana atá acu do 2021. ...more8minPlay
January 09, 2021Aindriú De PaorLabhraíonn Aindriú De Paor le Seán faoin chuid oibre le RTÉ 2FM agus an taithí a bhí aige le Raidió na Life, RTÉ agus BLOC TG4 thar na blianta. Insíonn sé do Sheáin faoi na rudaí go léir a tharraing i dtreo ne craoltóireachta é agus na cuimhní is fearr agus is greannmhara atá aige go dtí seo. Tugann sé léargas dúinn ar thiomsaitheoir airgid a rinne sé do Naomh Uinseann de Póil le gairid agus an méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair....more38minPlay
January 09, 2021Rút Ní TheimhneáinLabhraíonn Rút Ní Theimhneáin le Seán faoina cuid oibre le hICUF in Ottawa, Ceanada agus faoin saothar iontach a chruthaíonn sí don leathanach Instagram @dochailinrut. Insíonn sí do Sheán faoina taithí le ilteangachas agus í ag fás aníos I Rath Chairn, na rudaí is fearr faoin gceantar sin agus pobal na Gaeilge in Ottawa. Tugann sí léargas dúinn chomh maith ar a cuid scríbhneoireacht, filíocht agus amhráin ach go háirithe....more21minPlay
January 09, 2021GroovelineLabhraíonn Bronwyn, Tarach, Evan, Glen agus Matthew ó Grooveline le Seán faoin EP nua – Blind – atá eisithe acu, bailiúchán amhráin den scoth. Déanann siad cur síos ar na daoine agus na seánraí atá ina thionchar ar an gceol, an próiseas scríbhneoireachta agus taifeadta agus na cuimhní is fearr atá acu go dtí seo, ‘Blind’, ‘Deis Dall’ agus ceolchoirm ollmhór sa Glen Centre ina measc....more15minPlay
January 09, 2021Éanna Ó ConchúirLabhraíonn Éanna Ó Conchúir, imreoir aitheanta le club CLG An Ghaeltacht le Seán faoin gym nua – Beo Fitness- atá bunaithe aige. Insíonn sé dúinn faoin ghnó nua agus tugann sé súil siar ar a chuid cuimhní is fearr le An Ghaeltacht go dtí seo, an lá a bhain siad Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 ina measc. Tugann sé comhairle mhaith dúinn chomh maith ó thaobh sláinte agus aclaíochta de, do 2021....more21minPlay
FAQs about Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá:How many episodes does Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá have?The podcast currently has 954 episodes available.