Labhraíonn Eoin McEvoy le Seán faoin dráma fuaime Idir Mise agus Craiceann do Chluaise, atá a chur i láthair ag Aerach Aiteach Gaelach don Dublin Fringe Festival. Tá script don dráma scríofa ag Eoin agus ag Ciara Ní É, bunaithe ar scéal Alan Walpole, le ceol ó Aoife Ní Mhórdha agus le healaín ó Tadhg Ó Ciardha. Beidh an seó ar siúl ón 24-26ú Meán Fómhair i gClub an Chonradh, le tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge. Tá ticéid ar fáil ag fringefest.com. Faighimid amach chomh maith faoin méid iontach atá ar siúl ag Aerach Aiteach Gaelach, agus suíomh idirlíne iontach acu ar aerachaiteachgaelach.net