Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 22ú lá de mí Eanair, liomsa Lauren Ní Loingsigh.
I 1990 dúradh go raibh na seisear ó Birmingham incháilithe do pharúl. Bhí siad sa phríosún níos mó ná 15 bhliain. Bhí siad sa phríosún do na buamáil I 1974 I Birmingham, cé go ndúirt siad go raibh siad neamhchiontach.
I 1994 stop Big Ben I Londain ar feadh trí huaire chloig. Fuair siad an clog ag obair arís ag timpeall 9.30 san oíche níos mó ná trí huair chloig tar éis a stop sé.
I 1990 ar an lá seo bhí iománaí Tiobraid Árann ag pacáil a mhála. An plean a bhí ann ná chun cluiche a imirt I Toronto I mí an Mhárta.
I 2013 bhí na trádálaithe in Aonach Urmhumhan an-sásta mar go mbeadh páirceáil saor in aisce gach Sathairn. De bharr sin dúirt siad go mbeadh na daoine áitiúla ag déanamh a siopadóireacht go háitiúil arís.
Sin New Kids On The Block le Hangin Tough an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1990.
Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1981 bhí damáiste déanta de stiúideo taifeadta de bharr tine do nach mór 54 uair a chloig. Stiúideo de chuid Tina Turner.
I 2005 bhí cheolchoirm carthanacht ar siúil I Cardiff do na híospartaigh den súnámaí san Áise. Bhí amhránaí ann cosúil le Eric Clapton, Manic Street Preachers agus Snow Patrol.
Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh imreoir sacar Shane Long in Éirinn I 1987 agus rugadh amhránaí Steven Adler I Meiriceá ar an lá seo I 1965 agus seo chuid de a amhrán.
Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.