Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: 25/10/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir Polaitíochta RnaG), John Harrington (Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda, Ollscoil Caerdydd), Pat Carey (Cathaoirleach Chumann na Croise Deirge), Billy Ó hAnluain (DJ agus Ceoltóir), Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa sa Bhruiséil) agus Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo).
    48 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Líomhain faoi bhuama salach i gcogadh na hÚcráine, marú an iriseora Phacastánaigh Arshad Sharif ag póilíní na Céinia agus ruathar Iosrael ar an bPalaistín – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa sa Bhruiséil) agus Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo).
    16 min
  • Tús Áite: 24/10/22
    Ar an gclár inniu: Dr Art Hughes (Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Ulaidh), Antoine Ó Coileáin (Iar-Phríomhfheidhmeannach Ghael Linn), Jen Ní Mhathúna (Múinteoir bunscoile), Ola Majekodunmi (Craoltóir, Iriseoir agus Cruthaitheoir) agus Tadhg Enright (Iriseoir agus Láithreoir le BBC World).
    47 min
  • Tús Áite: Géarchéim tithíochta do theifigh
    Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath inniu nach bhfuil aon amhras ach go bhfuil an córas lóistín éigeandála do dhaoine atá ag teitheadh na hÚcráine faoi bhrú agus go gcaithfidh an rialtas dul i ngleic leis. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
    15 min
  • Tús Áite: Ceannaireacht an Pháirtí Chaomhaigh
    Dúirt Rishi Sunak ina chéad ráiteas poiblí ó dearbhaíodh go mbeadh sé ina cheannaire ar an bpáirtí Caomhach agus ina Phríomh Aire ar an mBreatain go bhfuil dushlán mór eacnamaíochta os comhair na Breataine. Pléimid é seo le Tadhg Enright (Iriseoir agus Láithreoir le BBC World) agus leis an bpainéal.
    23 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Truss éirithe as, dlí míleata sna críocha gafa san Úcráin, cosc ar dhíshealbhú agus tuairisc ón EPA faoi dhroch-chaighdeán séarachais na tíre – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Clíona Kimber (Abhcóide Sinsearach) agus Dr Seán Ó Conaill (Léachtóir Dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh).
    13 min
  • Tús Áite: Scéalta Spóirt
    Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoin mbua ag foireann fhir na hÉireann i gcoinne na nIndiacha Thiar sa chruicéad, Laighean agus Mumhan i gcoinne a chéile i rugbaí na bhfear agus clubanna CLG i mBÁC ag éirí rómhór.
    7 min
  • Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta
    Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoi Ruaig i gClub Chonradh na Gaeilge, Seó Beo an Fhómhair in Áras Chrónáin, ceolchoirm le Johnny Óg Connolly i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Féile na Carraige i mBéal Feirste agus ceolchoirm Ye Vagabonds agus Gáire as Gaeilge sa Taibhdhearc.
    5 min