Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Díolúintí ag an gCoiste Gaeilge
    Thug an Roinn Oideachais treoir don Chomhairle Náisiúnta um Oideachais Speisialta agus don Seirbhís Síceolaíochta Oideachais gan freastal ar chruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge inniu. Pléimid é seo le hAengus Ó Snodaigh (TD le Sinn Féin agus Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge).
    10 min
  • Tús Áite: Rialacha ar mhorgáistí á maolú
    D’fhógair an Banc Ceannais go ligfear do cheannaitheoirí céaduaire suas le ceithre huaire a n-ioncam a fháil ar iasacht agus iad ag ceannach réadmhaoine. Labhraímid faoi seo le Conall Ó Móráin (Saineolaí airgeadais agus Láithreoir an phodchraoladh That Great Business Show).
    9 min
  • Tús Áite: 19/10/22
    Ar an gclár inniu: Aengus Ó Snodaigh (TD le Sinn Féin agus Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge), Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir Polaitíochta RnaG), Seán Ó Cadhain (Tráchtaire i Newcastle), Frank Reidy (Iar Cheannfoirt Airm agus Saineolaí míleata), Conall Ó Móráin (Saineolaí airgeadais) agus mír na meán le Rónán Ó Muirthile.
    49 min
  • Tús Áite: Brú ar Truss
    Dúirt Príomh Aire na Breataine Liz Truss inniu go bhfuil sí tiomnaithe do bhille Phrótacal Thuaisceart Éireann agus í ag freagairt ceisteanna sa pharlaimint i Westminster. Labhraímid faoi seo le Seán Ó Cadhain (Tráchtaire i Newcastle).
    6 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Rialacha ar mhorgáistí á maolú, conspóid faoi ráiteas Theachta Dála ó Fhine Gael faoi úsáideoirí drugaí agus díon na Dála ag ligean tríd – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir Polaitíochta RnaG).
    9 min
  • Tús Áite: Eirsat-1
    Beidh an chéad satailít de chuid na hÉireann á láinseáil chun spáis go luath an bhliain seo chugainn ó ionad Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa i nGuáin na Fraince. Labhraímid faoi seo le Caimin McKenna (Mac léinn máistreachta le hEirsat).
    7 min
  • Tús Áite: Cosc ar dhíshealbhú
    Tá cinneadh glactha ag an rialtas go mbeidh cosc ar dhíshealbhú tionóntaí ó mhí na Samhna go dtí mí an Mhárta. Pléimid é seo le Ruairí Ó Murchú (TD le Sinn Féin) agus Barry Ward (Seanadóir le Fine Gael).
    11 min