Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Géarchéim na dteifeach
    Tá foláireamh á thabhairt ag an rialtas go bhféadfadh teifigh agus iarrthóirí tearmainn atá ag teacht chun na tíre a bheith gan dídean ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh. Labhraímid faoi seo le hAodhán Ó Riordáin (TD agus Urlabhraí Oideachais, Fiontair agus Trádála Pháirtí an Lucht Oibre).
    7 min
  • Tús Áite: 21/10/22
    Inniu: Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times), Aodhán Ó Riordáin (TD le Páirtí an Lucht Oibre), Tadhg Enright (Iriseoir agus Láithreoir le BBC World), Clíona Kimber (Abhcóide Sinsearach), Dr Seán Ó Conaill (Léachtóir Dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
    49 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Caidreamh Éireannach-Briotanach le Truss ag éirí as, cruinniú mullaigh sa Bhruiséil agus amhras caite ar amlíne an rialtais le deireadh a chur le soláthar díreach – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    8 min
  • Tús Áite: Impleachtaí Truss do na 6 chondae
    D’iarr an Comhlachas Tráchtála Éireannach-Briotanach ar chomharba Truss “réitigh phraiticiúla” a aimsiú do Phrótacal Thuaisceart Éireann nuair a thiocfaidh siad i gcumhacht. Labhraímid faoi seo le Gearóid Ó Muilleoir (ón Sunday World agus eagarthóir Seachtain).
    6 min
  • Tús Áite: Séarachas agus droch-chaighdeán uisce
    D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil tuarascáil inniu a deir go bhfuil séarachas neamhchóireáilte á sceitheadh i mbreis agus tríocha baile ar fud na tíre. Pléimid é seo le Mícheál Ó Cinnéide (Iar-stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil) agus Séamus Walsh (Comhairleoir Condae le Fianna Fáil i gConamara).
    10 min
  • Tús Áite: Truss éirithe as
    D’fhógair Liz Truss go bhfuil sí ag éirí as mar Phríomh Aire na Breataine i ndiaidh 45 lá san oifig, an téarma is giorra d’aon Phríomh Aire i stair na Breataine. Pléimid é seo le hOisín Mac Conamhna (Oibrí sa tionscadal airgeadais i Londain) agus Rónán Mac Crea (Ollamh le Dlí Bunreachtúil agus Eorpach, Coláiste na hOllscoile Londain).
    16 min
  • Tús Áite: 20/10/22
    Inniu: Oisín Mac Conamhna (Oibrí airgeadais i Londain), Rónán Mac Crea (Ollamh le Dlí, UCL), Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Gearóid Ó Muilleoir (ón Sunday World agus Eagarthóir Seachtain), Mícheál Ó Cinnéide (Iar-stiúrthóir an EPA), Séamus Walsh (Comhairleoir Condae le Fianna Fáil) agus meáin áitiúla le hEimear McGovern.
    48 min