Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: 22/9/22
    Inniu: Ciarán Dunbar (Iriseoir, Belfast Telegraph), Máirín Hurndall (Tráchtaire Aontachtach), Máirtín Ó Muilleoir (Foilsitheoir Belfastmedia), John Downing (Comhfhreagraí polaitíochta, Irish Independent), Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis, UN), Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir) & Concubhar Ó Liatháin (Iriseoir, Corkman & Seachtain).
    48 min
  • Tús Áite: 21/9/22
    Inniu: Dr Conchubhar Ó Dálaigh (Comhalta teagaisc, Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh, TCD), Máirtín Ó Duibhir (Anailísí míleata), Nadia Dobrianska (Bainisteoir tionscnamh le hIonad Cearta Daonna ZMINA), Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir Polaitíochta RnaG), Déaglán de Bréadún (Tráchtaire agus Colúnaí ón Irish News) agus mír na meán le Rob Ó Conchúir.
    48 min
  • Tús Áite: Mír na Meán
    Tugann Rob Ó Conchúir (Saor-léiritheoir teilifíse agus podchraoltóir) a léirmheas dúinn ar eagrán Mheán Fhómhair d’Iris Comhar, eagrán an Fhómhair den Timire agus Cneasaithe ar TG4.
    9 min
  • Tús Áite: Léirsithe san Iaráin
    Tá léirsithe i gcoinne póilíní moráltachta agus dlíthe hijab na hIaráine ag méadú tar éis bhás Mahsa Amini, a bhí faoi choinneáil as ucht na dlíthe sin a bhriseadh. Labhraímid faoi seo le Déaglán de Bréadún (Tráchtaire agus Colúnaí ón Irish News).
    7 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Polasaí d’uasteorainn ar bhillí fuinnimh, gealltanas faoin ngéarchéim fuinnimh, polasaí Shinn Féin faoi laghdú astaíochtaí agus carr stáit ag Airí rialtais – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir Polaitíochta RnaG).
    8 min
  • Tús Áite: Gairm shlógaidh
    D’fhógair Putin go ndéanfaí gairm shlógaidh teoranta faoina gcuirfí iachall ar shaoránaigh a bhfuil seirbhís míleata déanta acu dul ar dualgas leis na fórsaí armtha. Labhraímid faoi seo le Nadia Dobrianska (Bainisteoir tionscnamh le hIonad Cearta Daonna ZMINA i gCív, ach í lonnaithe in Éirinn anois).
    7 min
  • Tús Áite: Bagairt núicléach i gcogadh na hÚcráine
    Bhagair Uachtarán na Rúise Vladimir Putin airm núicléach a úsáid chun na críocha gafa san Úcráin a choiméad. Pléimid é seo le Dr Conchubhar Ó Dálaigh (Comhalta teagaisc, Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh, TCD) agus Máirtín Ó Duibhir (Anailísí míleata agus iarbhall d’Óglaigh na hÉireann).
    18 min
  • Tús Áite: 20/9/22
    Inniu: Aengus Ó Snodaigh (TD le Sinn Féin), Seán Byrne (Iar-Léachtóir san Eacnamaíocht, DIT), Seán Ó Lionáird (Feirmeoir agus Saineolaí talmhaíochta), Mícheál Ó Braonáin (Eagraí Polaitíochta an Business Post), Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa) agus Cuan Ó Seireadáin (Coimeadaí le Conradh na Gaeilge agus Ceoltóir).
    48 min
  • Tús Áite: Aois phinsin
    Dhearbhaigh an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphries inniu nach n-ardófar aois phinsin os cionn 66 bliain d’aois ach go mbeidh deis ag daoine fanacht san obair go dtí 70 bliain d’aois agus pinsean níos mó a fháil. Pléimid é seo le Seán Byrne (Iar-Léachtóir san Eacnamaíocht, Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath).
    10 min