Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta
    Tá an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta fillte den chéad uair le trí bliana ach é faoi scáth ag an mboilsciú agus ag an mbrú atá ar an earnáil talmhaíochta astaíochtaí a laghdú. Labhraímid faoi seo le Seán Ó Lionáird (Feirmeoir agus Saineolaí talmhaíochta).
    7 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Comhthionól Ginearálta ag na Náisiúin Aontaithe, teannas idir Truss agus Biden agus olltoghchán na hIodáile – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Caomhán Ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa sa Bhruiséil) agus Cuan Ó Seireadáin (Coimeadaí le Conradh na Gaeilge, Ceoltóir agus Cathaoirleach Raidió na Life).
    17 min
  • Tús Áite: Sochraid Bhanríon na Breataine
    Bhí an Taoiseach Míchéal Martin, an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn agus Uachtarán Mheiriceá Joe Biden i measc na gceannairí domhanda a d’fhreastail ar shochraid Bhanríon na Breataine inniu. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
    15 min
  • Tús Áite: Slándáil fuinnimh
    Foilsíodh tuarascáil a choimisiúnaigh an rialtas faoi shlándáil fuinnimh na tíre inniu inar dúradh gur cheart d’Éirinn áiseanna stórála gáis a fhorbairt nó críochphort i gcóir gás leachtaithe nádúrtha a chur san fharraige. Pléimid é seo le Conall Heussaff (Cúntóir Taighe le Bruegel, ach ag labhairt ar bhonn phearsanta) agus leis an bpainéal.
    22 min
  • Tús Áite: 19/9/22
    Ar an gclár inniu: Caoimhe Ní Mhaolaí (Mac Léinn Dlí agus Polaitíochta i gColáiste na Tríonóide), Déaglán De Bréadún (Tráchtaire & Colúnaí ón Irish News), Cecilia Ní Choileáin (Abhcóide), Seán Ó Muireagáin (Údar) agus Conall Heussaff (Cúntóir Taighe le Bruegel).
    47 min
  • Tús Áite: Scéalta Spóirt
    Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoin URC ag filleadh i rugbaí na bhfear, buaiteoirí Éireannacha sa dornálaíocht gan an t-airgead ón gcomórtas domhanda faighte acu fós agus Roger Federer ag éirí as an leadóg.
    8 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Ballraíocht Bhertie Ahern i bhFianna Fáil, cáin amhantair ar bhrabús ESB agus ambasáid na Fraince ag moladh do dhaoine Éire a sheachaint mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta – scéalta móra an lae le hÁine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta).
    9 min
  • Tús Áite: 16/9/22
    Inniu: Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitíochta), Dr Conchubhar Ó Dálaigh (Comhalta teagaisc, Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh, TCD), Dr Róisín Ní Choistealbha (Léachtóir sa Dlí, DCU), Dr Niall Comer (Cathaoirleach Chomhaltas Uladh agus Léachtóir in Ollscoil Ulaidh), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
    48 min