Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Daoine le comharthaí frith-mhonarcachta gafa sa Bhreatain, ráiteas Von der Leyen faoin ngéarchéim fuinnimh agus díolúintí Gaeilge san Ardteist – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Dr Róisín Ní Choistealbha (Léachtóir i Scoil an Dlí, DCU) agus Dr Niall Comer (Cathaoirleach Chomhaltas Uladh agus Léachtóir sa Ghaeilge in Ollscoil Ulaidh).
    15 min
  • Tús Áite: Putin, Erdoğan agus Xi Jinping
    Roimh dó bualadh le Putin ag an gcruinniú den Eagraíocht um Chomhoibriú, Shanghai inniu, dúirt Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdogan gur chóir deireadh a chur leis an gcogadh san Ucráin a luaithe agus is féidir. Labhraímid faoi seo le Dr Conchubhar Ó Dálaigh (Comhalta teagaisc, Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh, Coláiste na Tríonóide).
    12 min
  • Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta
    Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoi Fhéile Filíochta Fhine Gall, Scannán ‘Róise agus Frank’, Áirc Damhsa I gCultúrlann Uí Chanáin, Fíorbhraon in Books Upstairs, Féile Filíochta Leabhar Breac, Fringe BhÁC agus Oíche Chultúir.
    6 min
  • Tús Áite: Sinn Féin agus Searlas
    Dúirt Ceannaire an UUP Doug Beattie gur suarach an méid a dúirt roinnt Aontachtaithe agus iad ag gearán faoin gclúdach a fuair Sinn Féin sna meáin i dtaca lena gcruinnithe le Rí Séarlas na Breataine. Pléimid é seo le hIan Malcolm (Tráchtaire ar chúrsaí Aontachtacha) agus Ciarán Ó Pronntaigh (Iriseoir agus Bainisteoir an Áisaonaid i mBéal Feirste).
    17 min
  • Tús Áite: 15/9/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir Polaitíochta RnaG), Ian Malcolm (Tráchtaire ar chúrsaí Aontachtacha), Ciarán Ó Pronntaigh (Iriseoir agus Bainisteoir an Áisaonaid i mBéal Feirste), Gerard Lovett (Staraí agus Údar) agus meáin áitiúla le Síle Ní Choincheannain.
    48 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Cáin amhantair ar chomhlachtaí fuinnimh, ballraíocht Bertie Ahern i bhFianna Fáil agus córas na mbusanna scoile – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir Polaitíochta RnaG).
    9 min