Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Cogadh san Úcráin agus ráiteas Von der Leyen
    Chuaigh Uachtarán Choimisiún na hEorpa ar cuairt go Cív tar éis di tacaíocht dhaingean a léiriú don Úcráin ina hóráid bhliantúil ar staid an Aontais i Strasbourg inniu. Pléimid é seo le hAntóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir) agus Frank Allen (Cathaoirleach Cór Energy agus Cisteoir DePaul Housing).
    15 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Athoscailt na Dála, easaontas faoi pholasaí fuinnimh, ardú ar an íosphá, ról Phaschal Donohoe agus frithghiniúint saor in aisce – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir Polaitíochta RnaG).
    11 min
  • Tús Áite: 14/9/22
    Inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir Polaitíochta RnaG), Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir), Frank Allen (Cathaoirleach Cór Energy agus Cisteoir DePaul Housing), Shane Ó hEidhin (Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha Fhoras na Gaeilge), Míde Nic Fhionnlaoich (Oifigeach Leasa Aontas na Mac Léinn UCD) agus mír na meán le Rónán Ó Muirthile.
    49 min
  • Tús Áite: Easpa Gardaí le Gaeilge
    D’fhoilsigh Máitiú Ó Coimín (Eagarthóir Nós) alt in Nós a ndearna sé cur síos ann ar eachtra a tharla dó ag an deireadh seachtaine, nuair stop na Gardaí é agus é ag rothaíocht ar shráid Capel i mBaile Átha Cliath agus gur dhiúltaigh na Gardaí Gaeilge a labhairt leis. Pléimid é seo leis ar an gclár.
    13 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Cruinnithe Fhianna Fáil agus Shinn Féin, géarchéimeanna fuinnimh agus tithíochta, searmanas cuimhneacháin i mBéal Feirste agus ardú ar an íosphá – scéalta móra an lae le Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times).
    16 min
  • Tús Áite: 13/9/22
    Ar an gclár inniu: Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times), Brian Ó Ceallaigh (Ollamh le hAirgeadas, DCU), Maitiú Ó Coimín (Eagarthóir Nós), An Coirnéal Seosamh Mac Donnchadha (Saineolaí míleata), Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo) agus Mícheál MacDonncha (Iar-Ard Mhéara BhÁC agus Comhairleoir cathrach le Sinn Féin).
    49 min
  • Tús Áite: Creidmheas fuinnimh
    Dhiúltaigh an Taoiseach uasteorainn a chur ar bhillí leictreachais agus fuinnimh agus é den tuairim go mba cheart úsáid a bhaint arís as an gcóras creidmheasa. Labhraímid faoi seo leis an Ollamh Brian Ó Ceallaigh (Ollamh le hAirgeadas in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath).
    6 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Athrú ar tráchtaireacht ar theilifís na Rúise, brabús á dhéanamh ag an Iorua ó chogadh na hÚcráine agus tuarascáil ó na Náisiúin Aontaithe faoi shaothar agus pósadh éigeantach – pléimid príomhscélata na seachtaine le Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo) agus Mícheál MacDonncha (Iar-Ard Mhéara BhÁC agus Comhairleoir cathrach le Sinn Féin).
    10 min