Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Sléacht Texas agus dlí gunnaí
    Tá an Seanadóir Daonlathach Chris Murphy i mbun iarrachtaí Poblachtánaigh i Washington a mhealladh chun tacú le cinéal éigin leasuithe maidir le gunnaí. Pléimid é seo le Fionnuala Ní Aoláin (Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil Uladh agus Rapporteur Speisialta um Chearta Daonna leis na Náisiúin Aontaithe).
    9 min
  • Tús Áite: Athoscailt Raidió Rí-Rá
    Beidh imeacht speisialta ar siúl anocht in Uimhir 6 Sráid Fhearchair le hathoscailt oifigiúil Raidió Rí-Rá á cheiliúradh. Labhraímid faoi seo le Jamie Ó Flannúra (Bainisteoir Raidió Rí-Rá).
    5 min
  • Tús Áite: Todhchaí Phrótacal Thuaisceart Éireann
    Bhí cruinnithe inniu i mBéal Feirste ag toscaireacht de pholaiteoirí Meiriceánacha faoi cheannas Richard Neal leis na príomh-pháirtithe polaitiúla sna sé chondae. Labhraímid faoi seo le Máirín Hurndall (Tráchtaire ar chúrsaí Aontachtacha) agus Fearghal Mac Bhloscaidh (Léachtóir Staire in Ollscoil na Banríona).
    15 min
  • Tús Áite: 26/5/22
    Inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Denis Sexton (ó Chumann Uathachais na hÉireann), Máirín Hurndall (Tráchtaire Aontachtach), Fearghal Mac Bhloscaidh (Léachtóir Staire, QUB), Fionnuala Ní Aoláin (Rapporteur Speisialta do na Náisiúin Aontaithe), Jamie Ó Flannúra (Bainisteoir Raidió Rí-Rá) agus meáin áitiúla le hÁine Mhaoir.
    48 min
  • Tús Áite: Acht Gaeilge
    Chuir rialtas na Breataine reachtaíocht chun an Ghaeilge a aithint agus a chosaint sna sé chondae faoi bhráid pharlaimint Westminster den chéad uair inniu. Pléimid é seo le Cuisle Nic Liam (Comhordaitheoir Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge) agus Póilín Ní Chiaráin (Iriseoir i mBéal Feirste).
    15 min
  • Tús Áite: Tuarascáil Sue Gray
    Dúirt Príomh Aire na Breataine Boris Johnson gur ghlac sé freagracht iomlán as an méid a tharla ag cóisirí in Sráid Downing i rith na paindéime ach chosain sé a chinneadh freastal ar roinnt de na hócáidí céanna. Labhraímid faoi seo le Niall Ó Gallchóir (Comhfhreagraí Polaitíochta BBC Alba).
    8 min
  • Tús Áite: Mír na Meán
    Tugann Antoin Beag Ó Colla a léirmheas dúinn ar chlár Scéalta agus Béilte ar Raidió na Life, leagan amach nua an Irish Times, eagrán nua de Sheoda ón Taisce Liteartha agus #AchtAnois ar na meáin shóisialta.
    9 min
  • Tús Áite: Sléacht Texas
    Dúirt Uachtarán Mheiriceá Joe Biden go bhfuil sé thar am seasamh a ghlacadh i gcoinne stocairí gunnaí i ndiaidh shléacht an lae inné i mbunscoil Robb in Uvalde, Texas. Pléimid é seo le Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá).
    11 min