Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Aighneas mar gheall ar phlean an rialtais le tógálaithe a spreagadh, méadú ar an gcéatadán tithíochta atá ar cíos agus tacaíocht do bhallraíocht na hÚcráine san Aontas Eorpach – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    7 min
  • Tús Áite: 25/5/22
    Ar an gclár inniu: Cuisle Nic Liam (Comhordaitheoir Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge), Póilín Ní Chiaráin (Iriseoir i mBéal Feirste), Niall Ó Gallchóir (Comhfhreagraí Polaitíochta BBC Alba), Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá), Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG) agus mír na meán le hAntoin Beag Ó Colla.
    49 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Tionchar an chogaidh san Úcráin ar an soláthar bia, cáipéisí ón tSín faoi champaí géibhinn agus toghcháin pharlaimint na Fraince ar na bacáin – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Déaglán de Bréadún (Tráchtaire agus Colúnaí le The Irish News) agus Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo).
    16 min
  • Tús Áite: Óráid Richard Neal sa Seanad faoin bPrótacal
    Dúirt an polaiteoir sinsireach Meiriceánach Richard Neal inniu go mbeadh sé mí-ionraic don Bhreatain cuid den mhargadh Breatimeachta a shárú agus go gcuirfeadh sé an teachtaireacht mícheart amach. Labhraímid faoi seo le Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá).
    8 min
  • Tús Áite: 24/5/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Máiréad Farrell (TD agus Urlabhraí Caiteachais Poiblí Shinn Féin), Barry Ward (Seanadóir le Fine Gael), Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá), Déaglán de Bréadún (Tráchtaire agus Colúnaí le The Irish News) agus Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir in Ollscoil Oslo).
    48 min
  • Tús Áite: Réadmhaoin na bpáirtithe polaitiúla
    Tá beannacht an rialtais á lorg ag an Aire Tithíochta Darragh O’Brien do reachtaíocht nua a chuirfeadh iachall ar pháirtithe polaitiúla ráiteas bliantúil a fhoilsiú faoin réadmhaoin atá ina seilbh acu. Pléimid é seo le Máiréad Farrell (TD agus Urlabhraí Caiteachais Poiblí Shinn Féin) agus Barry Ward (Seanadóir le Fine Gael).
    17 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Óráid ón ionadaí Meiriceánach Richard Neal sa Seanad, reachtaíocht faoi réadmhaoin ag páirtithe polaitiúla, tuarascáil faoi láithreáin fholmha agus rún Shinn Féin faoi Air BnB – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    8 min
  • Tús Áite: 23/5/22
    Ar an gclár inniu: Ciarán Ó Feinneadha (Comhairleoir cánach agus Gníomhaí teanga), Gearóid Ó Murchú (Ceoltóir agus Úinéir An Spailpín Fánach), Aoife Ní Shúilleabháin (Eagraí le SIPTU, an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil) agus Peadar de Blúit (Cúntóir Teanga i Roinn na Gaeilge sa Choimisiúin Eorpach).
    49 min
  • Tús Áite: Cáin ar thithe folmha
    Tá cáin níos airde molta ag Coiste Oireachtais ar thithe folmha agus suíomhanna nach bhfuil in úsáid, rud a rachaidh i bhfeidhm ar 137,000 teach. Labhraímid faoi seo leis an bpainéal.
    15 min