Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Cuairt an Taoisigh ar Bhéal Feirste, toscaireacht Mheiriceá sa Bhruiséil le haighneas faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann a phlé agus foláireamh faoi stailc ó Uachtarán Chomhdháil na gCeardchumann – scéalta móra an lae le John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta an Irish Independent).
    8 min
  • Tús Áite: Scéalta Spóirt
    Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoi na boinn óir a bhuaigh beirt dornálaí Éireannach in Istanbul, cluichí chorn Tailteann, craobhchomórtas iománaíochta na hÉireann agus Craobh Peile Uladh na mban sa CLG agus deireadh an tséasúir do phríomh-roinn Shasana sa sacar.
    7 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Conspóid faoin Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, deireadh le léigear Mariupol, Prótacal Thuaisceart Éireann faoi bhagairt agus reachtaíocht faoi Oidhreacht na dTrioblóidí cáinte – príomhscéalta na seachtaine le Cecilia Ní Choileáin (Abhcóide) agus Séin Ó Muineacháin (Comhairleoir Contae le Fianna Fáil & Léachtóir sa Pholaitíocht in TCD).
    19 min
  • Tús Áite: 20/5/22
    Ar an gclár inniu: John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta an Irish Independent), Ciarán Ó Pronntaigh (Iriseoir & Bainisteoir an Áisaonaid i mBéal Feirste), Cecilia Ní Choileáin (Abhcóide), Séin Ó Muineacháin (Comhairleoir Contae le Fianna Fáil & Léachtóir sa Pholaitíocht in TCD), spóirt le Conall Mac Dhonnagáin & siamsaíocht le Sinéad Ní Scolaí.
    48 min
  • Tús Áite: Léirsiú ag an Dream Dearg
    Tá súil ag An Dream Dearg go mbeidh ceann de na léirsithe is mó ag pobal na Gaeilge le blianta beaga anuas acu i mBéal Feirste amárach le hAcht Gaeilge sna sé chondae a éileamh. Labhraímid faoi seo le Ciarán Ó Pronntaigh (Iriseoir & Bainisteoir an Áisaonaid i mBéal Feirste).
    9 min
  • Tús Áite: 19/5/22
    Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Seán Ó Cadhain (Tráchtaire in Newcastle), Aengus Ó Snodaigh (Teachta Dála le Sinn Féin agus Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge), Angus Lambkin (Comhardaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe), meáin áitiúla le Síle Ní Choincheannain agus leabhair le hÁine Ní Ghlinn.
    49 min