jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2epfv86b
A settlement has been reached by the family of a man who was murdered in Dun in 1989.
Socrú bainte amach ag teaghlach fir a dúnmharaíodh sa Dún i 1989.
A settlement has been reached in a civil case brought by the family of a 28- year-old man who was murdered by loyalists in 1989.
Tá socrú bainte amach i gcás sibhialta a bhí tugtha ag teaghlach fir, 28 bliain d'aois, ar dhúnmharaigh dílseoirí é sa mbliain 1989.
They brought the case against the British Army and the Police Service of Northern Ireland.
Thug siad an cás i gcoinne Arm na Breataine agus i gcoinne Sheirbhís Poilíneachta Thuaisceart Éireann.
However, they are now demanding a "proper inquiry" into the killing.
Tá siad ag éileamh anois, áfach, go ndéanfar "fiosrúchán ceart" ar an marú.
Loughlin Maginn - a father of four - was shot and killed at his home in Rathfrallin, County Down in August 1989.
Scaoileadh agus maraíodh Loughlin Maginn - fear a raibh ceathrar clainne air - ag a theach cónaithe i Ráth Fraoileann i gContae an Dúin i mí Lúnasa 1989.
The UDA claimed responsibility for the murder.
Ghlac an tUDA freagracht as an dúnmharú.
They said they killed him because he was covered in security files of the defense forces; they used that to publicly justify the murder.
Dúirt siad gur mharaigh siad é de bharr go raibh sé clúdaithe i gcomhaid slándála de chuid na bhfórsaí cosanta; bhain siad úsáid as sin chun an dúnmharú a chosaint go poiblí.
His family took a case against the British Department of Defense and the PSNI, the police service that succeeded the RUC.
Ghlac a theaghlach cás i gcoinne Roinne Cosanta na Breataine agus i gcoinne an PSNI, an tseirbhís poilíneachta a tháinig i gcomharbacht ar an RUC.
The closing arguments were to be made in the case this morning at the High Court in Belfast.
Bhí na hargóintí clabhsúir le déanamh sa gcás ar maidin ag an Ard-Chúirt i mBéal Feirste.
But a settlement was reached beforehand.
Ach baineadh amach socrú roimh ré.
The Loughlin Maginn family are understood to have been awarded a significant sum of money, in addition to their costs.
Tuigtear gur bronnadh suim shuntasach airgid ar theaghlach Loughlin Maginn, le cois a gcuid costas.
Mr Maginn's daughter, Grace, said that no matter how much money is involved, it is not compensation for the loss of their father.
Dúirt iníon an Uasail Maginn, Grace, gur cuma é mhéad airgid atá i gceist, nach cúiteamh é ar chailliúint a n-athar.