Learn Irish with daily podcasts

20220924_IRISH_nior_choir_don_ruis_a_bheith_ar_chomhairle_slandala_na_na


Listen Later

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2pv67bka

"Russia should not be on the UN Security Council".
"Níor chóir don Rúis a bheith ar Chomhairle Slándála na NA".
Taoiseach Micheál Martin said that Russia should lose its permanent seat on the United Nations Security Council in light of its invasion of Ukraine.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur chóir don Rúis a háit bhuan ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chailliúint i bhfianaise an ionraidh atá déanta aici ar an Úcráin.
Russia, he said, has violated all agreed war conventions.
Tá sárú déanta ag an Rúis, a dúirt sé, ar gach coinbhinsiún cogaidh atá aontaithe.
He revealed this today while speaking to journalists at a United Nations conference in New York.
Thug sé an méid sin le fios inniu agus é ag labhairt le hiriseoirí ag comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac.
Last night, the Taoiseach said in a speech before the United Nations General Assembly that Russia's actions show that it is behaving like a rogue state: placing civilians in mass graves, the attacks on nuclear facilities and civilian infrastructure and Russian President Vladimir Putin's plans to call a mock referendum in the east of the country.
Aréir, dúirt an Taoiseach in óráid os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe go léiríonn gníomhartha na Rúise go bhfuil sí á hiompar féin mar a bheadh stát bradach inti: sibhialtaigh a chur in olluaigheanna, na hionsaithe a rinneadh ar áiseanna núicléacha agus ar bhonneagar sibhialtach agus pleananna Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, reifreann bréige a ghairm in oirthear na tíre.
"In Ukraine in July", said the Taoiseach, "I heard the oral account of the civilians about the brutal Russian attacks, which were carried out on men, women and children.
"San Úcráin i mí Iúil", a dúirt an Taoiseach, "chuala mé cuntas béil na sibhialtach faoi ionsaithe brúidiúla na Rúise, a rinneadh ar fhir, ar mhná agus ar leanaí.
"Wherever the Ukrainian forces have regained the upper hand", he said, "the devastation left by the Russian forces is visible.
"Aon áit a bhfuil an lámh in uachtar faighte in athuair ag fórsaí na hÚcráine", a dúirt sé, "tá an léirscrios atá fágtha ag fórsaí na Rúise le feiceáil.
In Bucha, for example and more recently in Izium, mass graves of civilians who have died have been discovered.
In Bucha, mar shampla agus le déanaí in Izium, thángthas ar olluaigheanna sibhialtach a fuair anbhás.
Russian forces targeted nuclear facilities such as Zaporizhzhia as a target in their attacks on the business.
Dhírigh fórsaí na Rúise ar áiseanna núicléacha mar Zaporizhzhia mar thargaid ina n-ionsaithe den ghnó.
And on the infrastructure of the people."
Agus ar infreastrúchtúr na ndaoine."
The Taoiseach pointed out that Vladimir Putin is trying to change Ukraine's borders with the fake referendums in the east of the country - and that this is a clear violation of the United Nations Charter.
Thug an Taoiseach le fios gur ag iarraidh teorainneacha na hÚcráine a athrú atá Vladimir Putin leis na reifrinn bhréige in oirthear na tíre - agus gur sárú soiléir é sin ar Chairt na Náisiún Aontaithe.
For many European countries, he said, it brings to mind a dark message: "We are dealing with an expansionist regime that has brutally invaded a nearby peaceful country to satisfy its ambitions."
I gcás go leor tíortha Eorpacha, a dúirt sé, tugann sé seanam dorcha chun cuimhne: "Táimid ag déileáil le réimeas ar mhian leis leathnú amach agus atá tar éis ionradh brúidiúil a dhéanamh ar thír síochánta in aice láimhe chun a mhianta a shásamh."
...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Learn Irish with daily podcastsBy V H

  • 4.7
  • 4.7
  • 4.7
  • 4.7
  • 4.7

4.7

7 ratings


More shows like Learn Irish with daily podcasts

View all
Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,339 Listeners

Bitesize Irish Podcast by Bitesize Irish

Bitesize Irish Podcast

172 Listeners

The Women's Podcast by The Irish Times

The Women's Podcast

120 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

70 Listeners

Real Health with Karl Henry by Irish Independent

Real Health with Karl Henry

38 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,799 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

131 Listeners

Learning Irish-Useful Phrases by Mbhosull

Learning Irish-Useful Phrases

0 Listeners

The Indo Daily by Irish Independent

The Indo Daily

119 Listeners

Path to Power by Matt Cooper

Path to Power

37 Listeners

"How do you say...?" Learn Irish with Antrim GAA by Antrim GAA

"How do you say...?" Learn Irish with Antrim GAA

5 Listeners

Irish with Mollie by Irish with Mollie

Irish with Mollie

40 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

16 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

35 Listeners

Speaking Irish by Speaking Irish

Speaking Irish

9 Listeners