jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2qu6nbkq
The emphasis on the energy crisis at a summit in Prague.
An bhéim ar an ngéarchéim fuinnimh ag cruinniú mullaigh i bPrág.
The Taoiseach, Micheál Martin, has said that the European Union will take a coordinated approach to tackle the energy crisis.
Tá sé ráite ag an Taoiseach, Micheál Martin, go nglacfaidh an tAontas Eorpach cur chuige comhordaithe chun dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh.
But it will take some time, he said, before there is agreement between all the member states regarding the steps that should be taken.
Ach tógfaidh sé tamall, a dúirt sé, sula mbeidh aontú idir na ballstáit go léir maidir leis na céimmeanna ba chóir a ghlacadh.
The Taoiseach is currently in Prague, attending a summit of European leaders.
Tá an Taoiseach i bhPrág faoi láthair, ag freastal ar chruinniú mullaigh na gceannairí Eorpacha.
The main focus during that meeting is on gas prices, which have been rising ever since the Russians began their invasion of Ukraine.
Táthar ag díriú den chuid is mó le linn an chruinnithe sin ar phraghsanna gáis, atá ag ardú de shíor ó chuir na Rúisigh tús lena n-ionradh ar an Úcráin.
The President of the European Commission, Ursula von der Leyen, is to discuss proposals for a price cap on gas with the leaders today.
Tá Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, le moltaí maidir le caidhp phraghais a chur ar ghás a phlé leis na ceannairí inniu.
She will also talk to them about the importance of agreeing contracts with gas suppliers from other countries, apart from Russia.
Labhróidh sí leo freisin faoin tábhacht a bhaineann le conarthaí a aontú le soláthróirí gáis ó thíortha eile, seachas an Rúis.
The Taoiseach said today, on the day after the summit, that not all member states share the same view of how the crisis should be tackled.
Dúirt an Taoiseach inniu, ar an tarna lá den chruinniú mullaigh, nach bhfuil an dearcadh céanna ag gach ballstát maidir leis an tslí ba chóir dul i ngleic leis an ngéarchéim.
But he denied that there is a big divide between them.
Ach shéan sé go bhfuil deighilt mhór idir eatarthu.
.
.
European leaders meeting in Prague to discuss the energy crisis
Na ceannairí Eorpacha ag bualadh lena chéile i bPrág le plé a dhéanamh ar an ngéarchéim fuinnimh